Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Trodaithe tine ag iarraidh loscadh sléibhe a mhúchadh i gContae an Dúin
Tá loscadh sléibhe i ndiaidh dochar mór a dhéanamh in áiteanna difriúla sa tír le seachtain anuas.
I Maigh Eo, rinne falscaí dochar mór do chosán siúil i bPáirc Náisiúnta Néifinne. Cónaíonn a lán ainmhithe agus plandaí speisialta sa cheantar seo agus rinneadh dochar don ghnáthóg s’acu. B’éigean do na trodaithe tine cuidiú a fháil ó ingearán de chuid Sheirbhís Dóiteáin an Aerchóir le cuidiú leo an tine a mhúchadh.
Ingearán de chuid Sheirbhís Dóiteáin an Aerchóir
Bhí tinte eile ann i gContae Dhoire, i nDún na nGall agus i gContae Chiarraí, ach tharla na falscaithe is measa i gceantar Bheanna Boirche, i gContae an Dúin.
Seo pictiúr satailíte ó EUMETSAT – bhí an oiread sin toite ann ó na tinte i gContae an Dúin go bhfaca an tsatailít í ón spás!
Bhí chóir a bheith 150 tine dhifriúil ann i gcontae an Dúin agus bhí níos mó ná 100 trodaí tine de dhíth le hiad a mhúchadh. Bhí ar dhaoine a dtithe a fhágáil i mBaile Hill, ar eagla go scriosfadh na tinte iad.
Tá NuachtAnois iontach buíoch de Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann as an físeán seo a chur ar fáil dúinn
Tá cuid mhór ainmhithe agus plandaí tábhachtacha ina gcónaí i gceantar Bheanna Boirche fosta agus tá lucht timpeallachta buartha go dtógfaidh sé blianta fada ar an dúlra sa cheantar teacht ar ais chuige féin i ndiaidh na dtinte seo.
Cónaíonn a lán ainmhithe i mBeanna Boirche, ón iolar mara…
…go dtí ciaróga agus féileacáin bheaga mar seo, an stiallach uaine
Plandaí atá ag fás leis na blianta, scriosann tine iad taobh istigh de chúpla bomaite
In amanna, tosaíonn na tinte seo de thaisme, nuair nach mbíonn daoine cúramach go leor
In amanna, lasann daoine na tinte seo d’aon turas – rud atá in éadan an dlí. Thóg na péas i gContae an Dúin fear amháin ag an deireadh seachtaine mar go raibh siad ag iarraidh ceisteanna a chur air faoi na tinte i mBeanna Boirche. Amanna eile, tosaíonn na tinte de thaisme, má lasann duine tine champa nó go fiú má thiteann toitín. In amanna, lasann feirmeoirí tine leis an talamh a ghlanadh, ach má bhíonn sé ró-ghaofar, imíonn an tine as smacht. Níl muid cinnte cad é mar a thosaigh na tinte seo.
Thosaigh na feirmeoirí seo i Sasana an tine seo d’aon turas leis na plandaí a ghlanadh ar shiúl óna gcuid talaimh
Is cinnte gur fhág an aimsir bhreá atá againn le tamall anuas an scéal níos measa nó bhí an talamh agus na plandaí ar na cnoic iontach tirim agus bhí sé i bhfad níos fusa ag an tine greim a fháil orthu. Ach deir na saineolaithe aeráide nach dtig linn neamhaird a thabhairt ar an ról atá ag an athrú aeráide maidir le loscadh sléibhe le blianta beaga anuas. Dar leo go bhfuil baol mór ann go rachaidh an fhadhb in olcas sna blianta atá le teacht.
Seans go mbeidh radhairc mar seo níos coitianta in Éirinn sna blianta atá romhainn
Freagair na ceisteanna seo a leanas
🔥 1. Luadh 3 fhocal dhifriúla sa téacs a chiallaíonn tine (nó tine shléibhe). Cad iad?
🔥 2. Luaigh trí áit in Éirinn ina raibh tinte le feiceáil le seachtain anuas.
🔥 3. Cén damáiste a rinne an tine i bPáirc Náisiúnta Néifinne? (Luaigh dhá rud)
🔥 4. Cá mhéad tine a bhí i gContae an Dúin, agus cén baol a bhí ann do dhaoine sa cheantar?
🔥 5. Cén sórt cúiseanna a bhíonn leis na tinte seo? Luaigh dhá rud.
🔥 6. Cad a d’fhéadfadh a tharlú sna blianta atá le teacht, dar leis na saineolaithe aeráide?
Le déanamh
🔥 Cruthaigh póstaer le cuidiú le siúlóirí agus cuairteoirí ar chnoic agus sléibhte na hÉireann a bheith níos cúramaí maidir le loscadh sléibhe.