Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Osclóidh an droichead is airde riamh go luath i mbliana. Tá an droichead, atá i gCúige Guizhou sa tSín, 625m os cionn Abhainn Huajiang agus beidh sé 1.4km ar fad. Má chuirtear i gcomparáid le Droichead an Gheata Órga in San Francisco é, tá sé naoi n-uaire níos airde ná é. Tógann daoine droichid le háiteanna atá scartha óna chéile, mar gheall ar abhainn nó gleann, mar shampla, a cheangal. Gan an droichead, bheadh ar dhaoine bealach níos faide a thógáil orthu féin le taisteal thart ar an ghleann nó ar an abhainn.
Droichead Ghleann Huajiang á thógáil
Cuireadh tús leis an tógáil sa bhliain 2021 agus is éacht mór é go mbeidh na Sínigh ábalta é a oscailt chomh luath seo. Droichead crochta atá sa droichead nua. Is cineál speisialta droichid é an droichead crochta ina mbíonn an bóthar ar crochadh ar cháblaí láidre. Bíonn na cáblaí sáite sa talamh ag an dá thaobh agus téann siad tríd dhá thúr arda. Is é seo an dóigh is fearr le droichid fhada a thógáil. Sampla eile de dhroichead crochta is ea Droichead an Gheata Órga.
Taobh amuigh de na buntáistí taistil a bheidh leis an droichead nua, bhí smaoineamh eile ag na dearthóirí. Tá an ceantar seo ar cheann de na háiteanna is áille sa tSín agus ba mhaith leis na húdaráis níos mó turasóirí a mhealladh.
Mar sin de, beidh caifé ag barr cheann de na túir agus beidh ardaitheoir gloine ag dul suas dó. Is cinnte go mbeidh radharc álainn ansin! Chomh maith leis sin, beidh áit siúlóide ar an droichead le seomraí le hurlár gloine iontu sa dóigh go mbeidh an chuma ort go bhfuil tú ag siúl san aer. Agus, mura bhfuil sin corraitheach go leor duit, beidh áit léim bhuinsí ann chomh maith más maith leat léim 700m a dhéanamh, an léim bhuinsí is airde ar domhan!
Radharc ar an abhainn
Le déanamh:
Ón alt seo agus ó do chuid smaointeoireachta féin, déan liosta de na buntáistí a bhaineann le droichead. Cuir an liosta s’agat i gcomparáid leis an liosta atá ag do chara in aice leat.
Ina dhiaidh sin, smaoinigh ar mhíbhuntáistí.
An rachfá chuig droichead mar thurasóir? Pleanáil lá spéisiúil do thurasóirí a bheadh ag tabhairt cuairt ar an droichead seo. Tosaigh ag 10.00 ar maidin agus críochnaigh ar 5.00 tráthnóna. Scríobh am do gach imeacht agus fág go leor ama idir na himeachtaí.