Gairdíní

An 7ú Aibreán, 2025



An raibh a fhios agat gurb í seo ‘Mí na nGairdíní’! Tá an t-earrach linn, agus tá an domhan ag múscailt arís. Seo é an t-am lenár lámha a chur isteach sa chré agus cuidiú a thabhairt sa ghairdín.


Is áit speisialta é an gairdín. Thig do scíth a ligean ann i measc an nádúir. Agus is féidir gach sórt planda a fhás ann - bláthanna áille, glasraí agus torthaí blasta, agus fiú crainn arda.

(Thig leat do scíth a ligean sa ghairdín.)

Tugann gairdíní bia do na hainmhithe agus dúinne, na daoine, fosta. Ní hamháin sin, ach tugann siad gnáthóg do na hainmhithe agus do na feithidí.

(Bíonn cuid mhór feithidí ina gcónaí sa ghairdín.)


Ag an am seo bliana, feiceann tú bachlóga beaga ag teacht ar na crainn agus na bláthanna ag oscailt a gcuid peiteal ildaite. Cluineann tú na beacha ag eitilt ó bhláth go bláth ag bailiú neachtar milis. Is féidir na bláthanna úra a bholú san aer agus an chré bhog a mhothú idir do mhéara.

(Bachlóga ag fás ar chrann san earrach.)


An raibh a fhios agat gur féidir bia cosúil le cairéid, leitís, agus prátaí a fhás i ngairdín?


Ach, ní gá gairdín mór a bheith agat le triail a bhaint as plandaí a chur ag fás. Is féidir síolta a chur i bpota beag ar leac na fuinneoige. Má chuireann tú síol beag bídeach i gcré agus má thugann tú uisce dó, agus má chuireann an ghrian a teas air, is cinnte go dtosóidh rud éigin iontach ag fás!


Fáth eile a bhfuil gairdíní tábhachtach ná glanann plandaí an t-aer a bhíonn á análú againn. Nuair a thugann muid aire do ghairdín, mar sin, táimid ag tabhairt aire don phláinéad chomh maith!


Mar sin, an t-earrach seo, cad chuige nach mbainfeá triail as gairdín beag a thosú? B'fhéidir go bhfásfaidh tú bláth álainn nó glasra beag blasta. Is bealach iontach é leis an nádúr a fheiceáil ag obair agus le rud éigin speisialta a chruthú le do lámha féin. Bain sult as ‘Mí na nGairdíní’!


Freagair na ceisteanna seo a leanas:

  1. Cén mhí den bhliain í ‘Mí na nGairdíní’?
  2. Cad iad na trí rud a bhíonn de dhíth ar shíol le fás?
  3. Luaigh dhá chineál bia ar féidir iad a fhás i ngairdíní.
  4. Cad chuige a bhfuil gairdíní tábhachtach don dúlra agus don timpeallacht?
  5. An féidir leat gairdín a bheith agat mura bhfuil spás mór agat?


Le plé nó le déanamh:

  1. Gabh taobh amuigh agus cuardaigh na rudaí seo a leanas: cré, bachlóg, peiteal, neachtar. An féidir leat iad a thaispeáint don mhúinteoir / do chara? Déan cur síos orthu i do chuid focal féin.
  2. Tarraing pictiúr de do ghairdín idéalach. Cuir na rudaí seo a leanas san áireamh: na bláthanna, na glasraí agus na hainmhithe a thiocfadh a bheith ann.
  3. Cuir síol beag i bpota le cré agus amharc air ag fás. Ná déan dearmad uisce a thabhairt dó go rialta. Déan taifead ar a fhás gach lá.
  4. Faigh amach na hainmneacha atá ar roinnt bláthanna nó glasraí i nGaeilge. Tarraing póstaer le d’eolas nua a thaispeáint. (Iarr ar do mhúinteoir grianghraif a sheoladh isteach chugainn de na póstaeir agus taispeánfaidh muid na cinn is fearr - nuacht@aisaonad.org)

meas