Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Cuireadh an chéad chóras poist ar bun sa bhliain 1516 i Sasana, don teaghlach ríoga. Faoin bhliain 1635, cuireadh an tseirbhís seo ar fáil don ghnáthdhuine. Fiú ansin, bhí sé iontach costasach litir a chur agus bhí an costas ag brath ar cé chomh fada a bhí le dul ag an litir.
An Penny Black
Faoin bhliain 1840, thug an Royal Mail córas nua isteach, stampaí. Leis na stampaí, bhí deis ag daoine an litir a chur sa phost agus í a chur áit ar bith sa tír. Agus bhí costas beag leis an chéad stampa, pingin amháin a bhí ar an ‘Penny Black’.
Le himeacht aimsire, d’fhás an córas seo i ngach tír. I mBaile Átha Cliath, cuireadh An Post ar bun agus bailíonn sé litreacha agus seachadann iad go dtí na seoltaí atá scríofa orthu. Ach le tamall beag anuas, tá rudaí ag athrú.
Sa lá inniu, bíonn ríomhaire nó guthán ag beagnach gach duine. Más maith leat teachtaireacht a chur chuig duine, ní gá duit peann a chur le páipéar ach méar a chur le scáileán. Ní gá duit an litir a chur i gclúdach agus í a chur i mbosca poist. Agus, ní gá fanacht lá nó dhó le go seachadann an post í go dtí an duine atá ar an seoladh.
Cuireann PostNord an tseirbhís poist ar fáil faoi láthair
Mar sin de, tá líon na litreacha a chuirtear sa phost ag dul i laghad gach bliain. Tá an líon chomh beag anois sa Danmhairg go gcuirfidh an tseirbhís poist deireadh le seachadadh litreacha faoi mhí an Mheithimh. Thit líon na litreacha sa tír 90% ón bhliain 2000. Leanfaidh an tseirbhís le seachadadh pacáistí agus beidh cead ag daoine eile litreacha a sheachadadh. Ach cosnaíonn sé a lán airgid leis an chóras náisiúnta a choinneáil ag dul agus níl sé cinnte an ndéanfaidh dream ar bith eile é.
Le déanamh:
An rud maith é deireadh a chur le seachadadh litreacha, dar leat? Scríobh liosta de chineálacha difriúla litreacha a bheadh deacair a dhéanamh go digiteach. Cuir an liosta s’agat i gcomparáid le liosta do charad in aice leat.
Déan cur síos ar na céimeanna atá i gceist le litir a chur chuig duine eile. Tosaigh le scríobh na litreach agus í a chur sa phost. Cad é a tharlaíonn ina dhiaidh? Scríobh gach céim.
Pictiúir:
Veain PostNord: alexfan32/Shutterstock.com
Penny Black: TavuzILDIZ/Shutterstock.com
An Post: Nicola_K_photos/Shutterstock.com