Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Inniu an ‘Lá Domhanda le Glacadh leis an Uathachas’. Ar chuala tú iomrá ar an fhocal ‘uathachas’ roimhe? Is riocht é an t-uathachas a bhíonn ar chuid daoine. In Éirinn sa lá inniu, tá uathachas ar thart faoi 3.3% den daonra. Ciallaíonn sin go bhfuil uathachas ar thart faoi 33 duine amach as gach míle duine.
(Is ionann 3% agus triúr daoine amach as gach 100)
Is féidir leis an uathachas cur isteach ar shaol an duine ó am go ham. Mar shampla, bíonn cuid de na daoine a bhfuil uathachas orthu iontach mothálach. B’fhéidir go gcuirfeadh fuaimeanna, nó bolaithe nó soilse geala isteach orthu i bhfad níos mó ná mar a chuirfeadh siad isteach ar dhaoine eile. Fágann seo go mbíonn sé deacair acu aird a dhíriú, in amanna.
Ach, ar an lámh eile, bíonn dearcadh difriúil ag daoine a bhfuil uathachas orthu. Tá siad ábalta amharc ar an domhan ar bhealach difriúil, agus is féidir leo mionsonraí a thabhairt faoi deara nach bhfeiceann daoine eile.
(Is féidir súil ghéar a bheith ag daoine a bhfuil uathachas orthu.)
Bíonn tionchar ag an uathachas ar phearsantacht an duine. Is minic a bhíonn daoine a bhfuil uathachas orthu iontach gníomhach. Ach, ní bhíonn siad ag iarraidh bheith ag obair ar rudaí nach bhfuil suim acu iontu. Is duine clúiteach é Bill Gates a bhfuil uathachas air. Chruthaigh Bill Gates Microsoft, na bogearraí ríomhaire is clúití ar domhan, caoga bliain ó shin. Bhí sé ar an ollscoil ag an am, ach níor chríochnaigh sé a staidéir. Bhí níos mó suime aige sna ríomhairí agus sna bogearraí a bhí á gcruthú aige.
(Bill Gates - íomhá le Tasnix Stock/Shutterstock.com)
Ar fud an domhain inniu agus le linn na seachtaine seo ar fad, beidh daoine ag díriú aird ar an uathachas. Ba cheart dúinn glacadh le daoine a bhfuil uathachas orthu. Bíonn siad difriúil leis an chuid is mó den daonra, ach bheadh an domhan iontach leadránach dá mbeadh gach duine mar an gcéanna.
In amanna, glacfaidh daoine a bhfuil uathachas orthu níos mó ama le tasc a chur i gcrích, mar nach dtuigeann siad cad é atá le déanamh, nó déanann siad an tasc ar bhealach eile atá difriúil leis an dóigh a ndéanann daoine eile é. I gcultúr na Maorach (muintir bhundúchasach na Nua-Shéalainne), tá focal ann don uathachas ‘Takiwatanga’. An chiall atá leis sin ná “ina c(h)uid ama agus spáis féin”. Nach fearr i bhfad a bheadh an domhan dá dtaispeánfadh níos mó daoine foighne dá chéile.
(Maoraigh ar shráideanna Wellington sa Nua-Shéalainn. Pic le jon lyall/Shutterstock.com)
Ceisteanna:
Le plé nó le déanamh: