Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Lucht fóirithinte i Maenmar
Bhuail crith talún uafásach Maenmar Dé hAoine. Is tír mhór é Maenmar atá suite in oirdheisceart na hÁise, idir an Téalainn, an tSín agus an India. Bhain an crith talún déine 7.7 amach ar Scála Richter, crith talún thar a bheith láidir. Dé Luain, dúirt na húdaráis sa tír go bhfuair tuilleadh agus 2,000 duine bás nuair a thit a lán foirgneamh. Tá go leor daoine go fóill ar iarraidh. Tharla an crith talún seo in aice leis an dara cathair is mó sa tír, Mandalay, cé go raibh damáiste déanta in áiteanna eile, príomhchathair na Téalainne, Bangkok, san áireamh.
Daoine ar na sráideanna i mBangkok i ndiaidh an chreatha talún
Ag amanna mar seo, bíonn sé deacair ag na húdaráis déileáil leis an tubaiste iad féin. Is minic a bhíonn damáiste déanta don infreastruchtúr – bóithre, soláthar uisce agus cumarsáid. Mar gheall air seo, chuir tíortha foirne fóirithinte chuig an cheantar le cuidiú leis na daoine. Cuireann siad bia agus uisce ar fáil, cuidíonn dochtúirí leis na daoine atá gortaithe, cuirtear foscadh ar fáil agus déanann siad iarracht teacht ar dhaoine atá gafa sna foirgnimh atá tite.
Tá cuidiú ag teacht óna lán tíortha, an tSín agus an India den chuid is mó, ach tá foireann ar an bhealach ó Éirinn chomh maith.
Is cineál de rás atá ann anois le teacht ar dhaoine atá gafa sna foirgnimh thite. Ní féidir le daoine fanacht beo ró-fhada i gcás mar sin. Úsáideann cuid de na criúnna tarrthála trealamh a fheiceann íomhá theirmeach, an teas a thugann corp amach. Chomh maith leis sin, úsáideann siad madaí le teacht ar dhaoine atá fós beo. Cé gur tháinig ceathrar amach slán Dé Domhnaigh, tá an dóchas ag imeacht go bhfaighidh siad mórán daoine eile atá go fóill beo.
Is féidir teas an choirp a fheiceáil le híomhá theirmeach
Tá an lucht fóirithinte anois ag díriú ar na daoine a mhair. Tá teas bocht sa cheantar, suas le 40˚ Celsius. Tá eagla ar na húdaráis go spréifidh galair mar chalar a thagann chun cinn nuair a bhíonn uisce salach ann.
Le déanamh:
Aimsigh Maenmar ar léarscáil. Déan liosta de na tíortha atá thart air.
Faigh amach faoi Scála Richter anseo.
Léigh faoi chrith talún eile a tharla ag tús na bliana anseo.
Grianghraif le: somkanae sawatdinak / Shutterstock.com