Lá na gCrián

Dé Luain, an 31ú Márta, 2025


An raibh a fhios agat go bhfuil lá speisialta ann do na criáin dhaite? Tarlaíonn Lá na gCrián gach bliain ar an lá deireanach de mhí an Mhárta (an 31ú). Is lá é le ceiliúradh a dhéanamh ar na bataí beaga dathúla seo a chuidíonn linn ár samhlaíocht a chur ar pháipéar.


Stair na gCrián

Níl na criáin ann le fada an lá i gcomparáid le pinn luaidhe, mar shampla. Roimh an 20ú haois, bhí páistí ábalta cailc dhaite a úsáid, nó bataí beaga de chré dhaite, le dathú isteach. Ach, le fírinne, bhí siad seo measartha mínéata agus ní raibh mórán de roghanna ann ó thaobh dathanna de.


Ach, thiar sa bhliain 1903, thosaigh comhlacht darbh ainm Binney & Smith ag díol boscaí de chriáin darbh ainm "Crayola". Bhí ocht gcinn de dhathanna sa chéad bhosca agus bhí costas cúig cheint air! Níor ghlac sé mórán ama go raibh ráchairt mhór ar na criáin Crayola, go háirithe i measc páistí agus múinteoirí.

(leagan ceiliúrtha den chéad bhosca d'ocht gcrián. Pic le photogal/Shutterstock.com)


Ba í Alice Binney, iarmhúinteoir scoile, a tháinig aníos leis an ainm “Crayola”. Chuir sí an focal Fraincise, “craie” (cailc) le chéile leis an fhocal “huileux” (focal eile ón Fhraincis a chiallaíonn 'olach').

Ealaíontóirí agus Criáin

Cé go mbíonn criáin in úsáid go minic ag páistí, úsáideann ealaíontóirí cáiliúla iad fosta! Is féidir criáin a úsáid le dathanna atá iontach geal a chruthú.


In amanna, úsáideann ealaíontóirí na criáin le huigeacht éagsúil a chur le pictiúr. An chiall atá leis sin, ná go mbíonn leibhéil éagsúla agus mothú difriúil ar phíosaí éagsúla den phictiúr. Ní luíonn sé go díreach cothrom ar an pháipéar, mar a bheadh le pictiúr atá daite le pinn luaidhe nó le marcóirí.


Fíricí Spraíúla faoi Chriáin

🖍️ Ó 1903, tá breis agus 600 dath éagsúil de chriáin cruthaithe ag Crayola!

🖍️ Déantar na billiúin crián gach bliain ar fud an domhain!

🖍️ Is é an dath is coitianta a dhéantar ná gorm.

🖍️ Má chuirtear crián i bpóca agus má nitear é sa mheaisín níocháin, thig leis gach rud eile a dhathú! Bí cúramach!

🖍️ Is féidir criáin a leá agus dathanna nua spéisiúla a chruthú astu.


Mar sin de, inniu ar Lá na gCrián, glac bomaite agus samhlaigh na pictiúir áille a thiocfadh leat a dhéanamh le criáin! Agus ansin, tóg amach na criáin agus bain triail as na pictiúir sin a chur ar pháipéar!


Ceisteanna

  1. Cén dáta ar a mbíonn Lá na gCrián gach bliain?
  2. Cén comhlacht a thosaigh ag díol crián darbh ainm "Crayola" agus cén bhliain?
  3. Cé hiad na daoine difriúla a úsáideann criáin? (Ainmnigh trí ghrúpa dhifriúla.)
  4. Cén dath criáin is coitianta?
  5. Cad é a tharlaíonn má chuirtear crián i bpóca agus ansin isteach sa mheaisín níocháin?


Tascanna

🖍️ Dear póstaer ildaite chun Lá na gCrián a cheiliúradh. Cuir eolas ón alt san áireamh (mar shampla, an dáta agus fíric spraíúil amháin).


🖍️ Faigh amach faoi ealaíontóir a úsáideann criáin ina c(h)uid oibre. Déan cóip de cheann dá saothair ealaíne ag baint úsáid as do chuid crián féin.


🖍️ Le cuidiú ó dhuine fásta, bain triail as criáin a leá chun dathanna nua a chruthú. Tar éis duit na criáin leáite a fhuarú, bain úsáid astu chun pictiúr nua a dhéanamh.


🖍️ Scríobh scéal faoi shaol criáin amháin. Cá ndeachaigh sé? Cé a d'úsáid é? Cad iad na pictiúir a chuidigh sé lena gcruthú?


meas