Uisce a dhéanamh as dusta gealaí

Dé hAoine, an 2uú Márta 2025

Bunáit ar an Ghealach – áit a mbeadh daoine ábalta stopadh ar an Ghealach tamall fada


Ó leag duine cos ar an Ghealach an chéad lá riamh, tá caint ann ar bhunáit a thógáil do dhaoine ansin. Anois, bheadh go leor fadhbanna le sárú sula dtiocfadh linn seo a dhéanamh, ach ceann de na fadhbanna is mó, ná go mbíonn uisce de dhíth ar dhaoine le bheith beo – cuid mhór uisce. Agus níl bealach ar bith ann leis an mhéid uisce a bheadh de dhíth orainn a iompar linn ón Domhan go dtí an Ghealach.

Tá go leor uisce againne ar Domhan ach cad é mar a chuirfeadh muid an t-uisce sin chuig an Ghealach?


Ach anois, deir eolaithe ón tSín go bhfuil réiteach acu ar fhadhb an uisce. Bhí na heolaithe seo ag obair ar dhusta a bhailigh an spásárthach Chang’e 5 ón Ghealach in 2020. Nuair a scrúdaigh siad an dusta, chonaic siad go raibh mianraí difriúla ann, agus iad déanta de cheimiceáin dhifriúla. Chuir siad spéis faoi leith i mianra amháin darb ainm ilminít. Tá ilminít déanta de rud darb ainm Ocsaíd Iarainn

Ilminít – tá na billiúin tonna den stuif seo sa dusta ar an Ghealach


Is ceimiceán í Ocsaíd Iarainn atá déanta den mhiotal Iarann (Fe) agus an gás Ocsaigin (O). Chonaic na heolaithe go raibh an gás Hidrigin (H) i bhfostú i bpoill bheaga taobh istigh den ilminít fosta.

ocsaíd iarainn istigh san ilminít. Tá sí déanta den ghás Ocsaigin agus den mhiotal Iarann.


Má fhágann tú do rothar amuigh faoin fhearthainn, tagann ocsaíd iarainn air – meirg. Is é an t-ainm ceimiceach atá ar mheirgocsaíd iarainn – an stuif donn a thagann ar iarann nuair a éiríonn sé fliuch, amuigh faoin aer!

An bhfuil ocsaíd iarainn agatsa sa bhaile?

Má dhéanann tú staidéar ar an cheimic sa mheánscoil, foghlaimeoidh tú faoi rud a dtugtar imoibriú ceimiceach air. Seo nuair a athraíonn ceimiceán amháin go ceimiceán eile nó nuair a cheanglaítear cúpla ceimiceán le chéile. Go minic, tarlaíonn imoibriú ceimiceach nuair a bhíonn teas ann. Nuair a lasann tú tine sa teach, mar shampla, tarlaíonn imoibriú ceimiceach ansin. Athraíonn tú na ceimiceáin sna rudaí a dhónn tú.

Go mion minic, bíonn teas de dhíth le go dtarlóidh imoibriú ceimiceach


Bhí a fhios ag na heolaithe go raibh Ocsaigin san Ocsaíd Iarainn. Bhí a fhios acu fosta go bhfuil uisce déanta de Hidrigin (H) agus de Ocsaigin (O)H2O. Ní raibh de dhíth orthu ach bealach leis an Ocsaigin a scaoileadh amach as an Ocsaíd Iarainn agus í a cheangal leis an Hidrigin – teas!


Tá uisce déanta de hidrigin agus ocsaigin


Ar an dea-uair, bíonn sé furasta teas a fháil ar an Ghealach. Níl atmaisféar ar an Ghealach, ciallaíonn sé sin nach mbíonn scamaill ann, agus bíonn an Ghrian iontach láidir. Deir na heolaithe go dtiocfadh leo teas na Gréine a cheapadh agus a úsáid leis an dusta a théamh chuig an teocht atá de dhíth leis an Hidrigin agus an Ocsaíd Iarainn a athrú go huisce.

Fiosraigh duit féin – dusta na gealaí a leá le huisce agus iarann a fháil

Íomhá ó alt le Junqiang Wang et al. in Cell Reports Physical Science CC BY-NC-ND


Deir siad go dtiocfadh leo suas le 50 lítear d’uisce a dhéanamh as tonna amháin de dhusta gealaí. Seo go leor uisce le 50 spásaire a chothú gach lá. Thiocfadh leo aon uisce sa bhreis a úsáid le plandaí a fhás. Sin, nó thiocfadh leo imoibriú ceimiceach eile a dhéanamh ar an uisce. Thiocfadh leo an H2O a scaradh ina Hidrigin agus ina Ocsaigin – thiocfadh leo an Ocsaigin a análú agus an Hidrigin a úsáid mar bhreosla don roicéad!

Tá na billiúin nó, b’fhéidir, na trilliúin tonna de dhusta ar an Ghealach, mar sin, beidh muid ábalta neart uisce a dhéanamh agus ocsaigin agus hidrigin go leor fosta!

Íomhá ó alt le Junqiang Wang et al. in Cell Reports Physical Science CC BY-NC-ND


Is cinnte go bhfuil obair mhór déanta ag na heolaithe a thugann céim níos cóngaraí muid chuig bunáit ar an Ghealach! Duine ar bith ag iarraidh dul?


Le plé / le déanamh

🌝 Gan go leor uisce a bheith ann, sin ceann de na fadhbanna a bheadh le sárú sula dtiocfadh linn bunáit a thógáil ar an Ghealach. An dtig libh smaoineamh ar fhadhbanna eile, agus ar bhealaí lena réiteach?

🌝 Samhlaigh gur eolaí thú agus tú i do chónaí i mbunáit do dhaoine ar an Ghealach. Cad é mar a bheadh an saol? Cad é a dhéanfá gach lá? An dtaitneodh saol mar seo leat?

🌝 An dtig leat smaoineamh ar na fáthanna a mbeadh daoine ag iarraidh bunáit a thógáil ar an Ghealach?


Ceisteanna le freagairt

Cad é mar a fuair na heolaithe dusta ón Ghealach?

Cén fáth nach mbíonn scamaill ar an Ghealach?

Cad é mar a thiocfadh linn uisce a úsáid ar an Ghealach? Luaigh dhá úsáid.

Cad é an rud imoibriú ceimiceach?

Tagann meirg mar gheall ar imoibriú ceimiceach – cad iad na ceimiceáin a bhíonn i gceist san imoibriú ceimiceach seo?


meas