Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beidh 1 uair an chloig níos lú de chodladh agat oíche Shathairn!
Má thaitníonn an codladh leat, tá drochscéal againn duit. Caillfidh tú 1 uair an chloig d’am codlata an deireadh seachtaine seo! Maidin Dé Domhnaigh (an 30ú Márta), ar bhuille a 1 a chlog ar maidin, cuirfear na cloig uilig chun tosaigh go dtí 2 a chlog, láithreach. Caillfidh muid an uair an chloig sin idir 1 agus 2!
Tugtar ‘am coigilte sholas an lae’ ar an nós seo. Cuirtear na cloig chun tosaigh uair an chloig san earrach agus ansin, ar an Domhnach deireanach den fhómhar (an 26 Deireadh Fómhair, i mbliana), cuirtear ar ais iad uair an chloig. Is cleas é le níos mó uaireanta de sholas an lae a thabhairt dúinn, le go dtig linn níos mó oibre a fháil déanta faoi sholas nádúrtha na Gréine.
Níos mó solais – níos mó ama le bheith ag obair!
⏰ Is fear as an Nua-Shéalainn darbh ainm George Hudson a tháinig aníos ar dtús leis an smaoineamh gur cheart dúinn na cloig uilig a athrú go hoifigiúil sa samhradh. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh sé go fóill geal nuair a thiocfadh sé abhaile óna chuid oibre le go mbeadh níos mó ama aige dá chaitheamh aimsire – ba bhailitheoir feithidí é!
⏰ Ba í Cathair ‘Port Arthur’ in Ontario, Ceanada, an chéad chathair sa domhan le ham coigilte sholas an lae a thabhairt isteach, in 1908
⏰ Ba í an Ghearmáin an chéad tír lena thabhairt isteach. Tugadh am coigilte sholas an lae isteach sa Ghearmáin in 1916, le gual a choigilt le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda
George Hudson
Bhí an smaoineamh céanna ag na Meiriceánaigh!
Sa lá atá inniu ann, úsáideann a lán tíortha ar domhan am coigilte sholas an lae go fóill – ach níl gach duine sásta faoi. Ní maith le daoine an cur isteach, go gcaithfidh siad an t-am a athrú ar a gcuid clog dhá uair sa bhliain. Athraíonn gutháin agus ríomhairí go huathoibríoch ach smaoinigh ar na cloig aláraim, na cloig i gcarranna, na cloig ar na ballaí, na cloig ar na micreathonnáin go fiú – is crá croí ceart é dul thart ar an teach agus na cloig seo uilig a athrú 2 uair dhifriúla gach bliain!
Cá mhéad clog a bhíonn le hathrú sa teach s’agatsa?
Ar a bharr sin, cé gur tugadh isteach í le fuinneamh a shábháil agus le níos mó oibre a fháil déanta, níl an t-athrú ama de dhíth leis sin a dhéanamh, sa lá atá inniu ann.
Bhí comhairliúchán mór ann i dtíortha an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2018 agus dúirt bunús na ndaoine a chuir freagra isteach gur mhaith leo stop a chur le hathrú na gclog. Vótáil Parlaimint na hEorpa in 2019 ar dheireadh a chur leis an nós ó 2021 ar aghaidh.
Vótáil an Eoraip le deireadh a chur le ham coigilte sholas an lae, ach níor tharla sé…go fóill!
Chuir COVID na pleananna sin ar an mhéar fhada, áfach, mar aon le fadhb an Bhreatimeachta nó bheadh dhá chrios ama dhifriúla ann in Éirinn!
Ceann de na fáthanna ná nach raibh siad ag iarraidh dhá chrios ama in Éirinn
Anois, áfach, agus muid ag déanamh réidh leis na mílte mílte clog a athrú Dé Domhnaigh, tá an cheist ar ais i mbéal an phobail arís nó dar le Donald Trump thall gur mhaith leis féin fáil réitithe le ham coigilte sholas an lae. An cheist atá ann, cén córas a nglacfadh muid leis ina áit?
Le plé
🕰️ Cad é do bharúil féin ar am coigilte sholas an lae – ar cheart dúinn é a choinneáil nó fáil réitithe den nós? Cén fáth?
🕰️ Samhlaigh go mbeadh muid le stop a chur le ham coigilte sholas an lae. Cén t-am ba cheart dúinn a choinneáil:
⌚ an t-am mar atá sé anois?
nó…
⌚ an t-am mar a bheidh sé ar an tseachtain seo chugainn, aon uair an chloig chun tosaigh?
nó…
⌚ Rogha eile?
Mínigh do fhreagra
Le déanamh
Freagair na ceisteanna seo a leanas:
Cén fáth a gcaillfidh daoine uair an chloig codlata an deireadh seachtaine seo?
Cén fáth ar cuireadh am coigilte sholas an lae i bhfeidhm ar dtús?
Cé a tháinig aníos leis an smaoineamh na cloig a athrú, agus cén fáth?
Cén fáth ar chuir an tAontas Eorpach na pleananna chun stop a chur le hathrú na gclog ar an mhéar fhada?
Cad é an crá croí a bhaineann le hathrú ama dhá uair sa bhliain?
Líon isteach na bearnaí leis na focail chearta:
1. Is é an fear as an Nua-Shéalainn a tháinig aníos leis an smaoineamh faoi am coigilte sholas an lae.
2. Thug an Ghearmáin isteach am coigilte sholas an lae den chéad uair sa bhliain .
3. Cuireadh na pleananna le stop a chur le hathrú na gclog ar an mhéar fhada mar gheall ar .
4. Ba é an príomhchuspóir a bhí le ham coigilte sholas an lae ná a shábháil agus níos mó oibre a fháil déanta.
5. Caithfidh daoine dul thart ar an teach dhá uair sa bhliain le a athrú de láimh.