An Lá Corcra

Dé Máirt, an 25ú Márta 2025


Is galar é titimeas a bhaineann leis an inchinn. Is é an rud is mó a mhothaíonn daoine a bhfuil titimeas orthu ná go mbuaileann taom iad ó am go chéile. Bíonn cineálacha éagsúla taomanna ann ach is é an cur síos is fearr orthu ná cineál de stoirm leictreach san inchinn. Cailleann daoine smacht orthu féin ar feadh tamall beag. Ní mhothaíonn siad pian ar bith mar gheall ar an taom ach amháin má bhíonn taisme acu. Ar bhealach, glacann d’intinn sos beag.


In amanna, bíonn daoine ag crith agus bíonn an chuma orthu go bhfuil siad ina gcodladh. Le cuid acu, bíonn na daoine trína chéile agus ní bhíonn a fhios acu cad é atá ag tarlú. Le daoine eile, bíonn na súile ar oscailt ach arís, ní bhíonn a fhios acu cad é atá ag tarlú.

Is minic a bhuaileann an taom gan rabhadh

Cé nach mothaíonn na daoine pian nuair a bhuaileann taom titimis iad, bíonn contúirtí eile ann. Má thiteann daoine agus iad ar an staighre, mar shampla, thiocfadh go ngortódh siad iad féin. Nó dá mbeadh daoine ag tiomáint ag an am, thiocfadh go mbeadh taisme bhóthair ann. Chomh maith leis sin, ní bhíonn a fhios ag daoine i gcónaí go mbeidh taom ag teacht agus ní bhíonn an t-am acu iad féin a chur in áit shlán.

Seans go mbeidh an duine ag crith ach ná bí buartha faoi sin

Tarlaíonn taomanna titimis do gach cineál duine, daoine óga, tuismitheoirí nó caomhnóirí, agus seandaoine. Tá thart ar 65,000 duine a bhfuil titimeas orthu in Éirinn. Mar sin de, is rud maith é má bhíonn a fhios againn cad é atá ag tarlú agus cad é ba chóir dúinn a dhéanamh. Má fheiceann tú taom, bog rud ar bith contúirteach as an bhealach agus cuir rud éigin bog faoin cheann, cúisín, mar shampla. Ná cuir rud ar bith ina mbéal agus ná bog iad. Tá sé iontach tábhachtach nach mbíonn eagla ort faoin taom (ná tosaigh ag scairteadh, mar shampla). Fan leis an duine go dtí go mbíonn an taom thart ach ná bíodh scaifte daoine sa mhullach ar an duine nó ní bheidh sé nó sí ábalta análú.

Cuir rud éigin bog faoin cheann

Bhí am ann nuair a shíl daoine go raibh drochspioraid sna daoine a raibh titimeas orthu ach tuigimid anois nach bhfuil sin fíor. Ach tá go leor le foghlaim againn uilig le cuidiú le daoine a bhfuil titimeas orthu. Agus tá lá speisialta ar siúl inniu, an Lá Corcra, le heolas faoi thitimeas a scaipeadh níos forleithne.


Múinteoirí: tá tuilleadh eolais faoi thitimeas agus an Lá Corcra ar an suíomh seo: https://www.epilepsy.ie


Le déanamh:

Déan liosta de na rudaí contúirteacha atá thart orainn anois dá mbuailfeadh taom titimis duine sa rang. Déan liosta eile de na rudaí contúirteacha a bheadh sa teach.


meas