Lá Domhanda na Filíochta

Dé hAoine, an 21ú Márta 2025


Lá le ceiliúradh a dhéanamh ar ealaín na filíochta


Is é an lá inniu Lá Domhanda na Filíochta. Is lá é seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an ealaín agus ar an ghliceas agus scil a bhaineann leis an fhilíocht. Tá stair iontach fada ag baint le filíocht na Gaeilge, ar ndóigh. Scríobhadh na chéad dánta síos sa Ghaeilge níos mó ná míle go leith bliain ó shin.


Bhí meas mór ag daoine ar na filí an t-am sin, agus bhí jab iontach tábhachtach acu. Bhíodh file dá gcuid féin ag na teaghlaigh ba láidre sa tír. Bhí ar an fhile dánta a scríobh faoi stair an teaghlaigh agus faoin dóigh a raibh an teaghlach sin níos fearr agus níos láidre ná gach teaghlach eile sa tír. 

Bhíodh file dá gcuid féin ag na teaghlaigh mhóra uilig in Éirinn


Corruair, scríobh siad dánta eile faoin stair agus faoi dhlíthe agus nósanna sa tír. Ó am go chéile, scríobh siad dánta faoin chreideamh nó faoin dúlra. Na filí is fearr (nó na filí is cliste, b’fhéidir), rinne siad a ndícheall an teaghlach láidir s’acu a lua mar chuid den dán, agus cuma mhaith a chur orthu! 

Cuid mhaith den am, scríobhfadh an file dán molta – dán ina mbeadh moladh don teaghlach saibhir


Fuair na filí íocaíocht ó thaoiseach an teaghlaigh – suas le 20 bó sa bhliain – agus fuair siad teach. Ach má shíleann tú go raibh saol an mhadaidh bháin ag an fhile, smaoinigh arís. Má scríobh siad dán nár thaitin leis an taoiseach, briseadh as a bpost iad go measartha sciobtha. 

Fuair na filí íocaíocht mhaith as a gcuid oibre


Ar a bharr sin, bhí filíocht na sean-Ghaeilge iontach go deo casta. Bhí ort a chinntiú go mbeadh an méid ceart siollaí i ngach líne agus go mbeadh an rithim cheart sa dán agus go mbeadh na fuaimeanna cearta ag tús na bhfocal sna háiteanna cearta. D’úsáid siad uaim agus leath-rím fosta – sin nuair a bheadh fuaimeanna cosúil lena chéile, ach ní go díreach mar an gcéanna. 

Bhí cuid mhór rialacha casta ag baint le dánta a scríobh sa tsean-Ghaeilge


Sa seanam in Éirinn – tugadh bard ar na filí chomh maith. Le bheith i d’fhile maith agus le post a fháil le teaghlach láidir, bhí ort idir seacht agus deich mbliana a chaitheamh i scoil na mbard le rialacha casta uilig na filíochta a fhoghlaim. Tugadh ollamh ar na filí is fearr agus is léannta.

Scoil na mBard – bhí ort suas le 10 mbliana a chaitheamh i scoil speisialta leis na rialacha seo a fhoghlaim


Ar an dea-uair, sa bhliain 2025 – tá i bhfad níos mó saoirse ag baint le filíocht na Gaeilge. Thig leat dán a scríobh faoi do rogha rud, agus ní chaithfidh tú bheith buartha faoi bheith ag cur isteach ar dhaoine saibhre ach an oiread! Thig leat rím a chur isteach sa dán nó gan rím a bheith ann – is leatsa amháin an rogha. An t-aon drochrud, is beag seans ar fad go dtabharfaidh duine ar bith 20 bó sa bhliain agus teach saor in aisce duit as dánta a scríobh!

Tá i bhfad níos mó saoirse ag filí an lae inniu!


Le plé/le déanamh

Is dánta gairide iad Haikúnna agus Luimnigh – faigh níos mó eolais orthu sna hailt seo:

📜🖋 Lá na Luimneach 

📜🖋 Lá an Haiku   


An mbeidh sibhse ag obair ar dhánta sa rang ar Lá na Filíochta? Ba bhreá linn iad a léamh! Seol isteach chugainn iad: nuacht@aisaonad.org


Don mhúinteoir

Tá go leor dánta ar fáil ar an padlet seo: Rannta, Dánta agus Amhráin do Pháistí Óga


meas