Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar mhaith leat labhairt le daltaí scoile i dtíortha eile agus fáil amach faoina saol scoile? Nó, an mbeifeá ábalta eolas a bhailiú faoi do scoil agus faoi do cheantar féin lena thaispeáint do dhaoine in áit dhifriúil? Bhuel, is é sin go díreach an rud a rinne daltaí Rang 4 ó Scoil an Droichid, Béal Feirste, ar na mallaibh.
Ghlac siad páirt i dtionscadal idirnáisiúnta. Tríd an tionscadal, bhí deis ag na daltaí bualadh (ar líne) le daltaí ó 4 scoil eile. Bhí na scoileanna eile suite in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana.
Is iad na scoileanna a bhí páirteach sa tionscadal ná:
Scoil an Droichid, Béal Feirste
Bunscoil Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo, Contae an Dúin
Ysgol Gynradd, Pontlliw, an Bhreatain Bheag
Kingswood Parks Primary School, Hull, Sasana
Bunscoil Lairhillock, Sír Obar Dheathain, Albain
Bhí na daltaí sna scoileanna uilig ar comhaois (7 nó 8 mbliana) agus bhailigh siad eolas faoina scoil agus faoina gceantar féin. Ansin, d’úsáid siad bogearraí Just2easy le taispeántas a dhéanamh den eolas ar fad a bhailigh siad. Bhí cruinnithe acu ar líne leis na scoileanna eile agus thaispeáin siad a gcuid taispeántas dá chéile. Ansin, chuir na daltaí ceisteanna ar a chéile le níos mó eolais a fháil amach.
Labhraíonn na daltaí i bPontlliw i mBreatnais agus iad ar scoil agus labhraíonn daltaí Scoil an Droichid i nGaeilge. Chuir seo iontas ar na daltaí ó na trí scoil eile, mar shíl siad gur labhair gach duine Béarla ar scoil, cosúil leosan.
Thaitin an tionscadal seo go mór le daltaí Rang 4, Scoil an Droichid. Bhí deis acu labhairt le páistí eile i dtíortha eile agus giota beag a fhoghlaim uathu faoina gcultúr. Chomh maith leis sin, bhí deis ag Rang 4 giota beag dár dteanga agus dár gcultúr féin a theagasc do na páistí eile. Maith sibh, a chairde!
Is féidir libh amharc ar an taispeántas comhroinnte idir na scoileanna ar fad anseo.
(Gabhann Nuacht Anois buíochas le Rang 4, Scoil an Droichid as an scéal seo agus a gcuid grianghraf a chomhroinnt linn.)
Le plé nó le déanamh
🤓 Ar mhaith leat labhairt le daltaí ar comhaois leatsa i dtír eile? Cad iad na ceisteanna a chuirfeá orthu nó cad é ba mhaith leat a fháil amach uathu?
🤓 Cad iad na príomhphointí eolais a chuirfeá in iúl do dhaltaí i dtír eile faoi do scoil agus do cheantar féin?
🤓 Bhí deis ag daltaí Ghaelscoil na mBeann foghlaim faoina gcairde Ceilteacha nuair a thug siad aghaidh ar Oileán Mhanann ar thuras scoile. Léigh níos mó faoina dturas anseo.
Don mhúinteoir:
🤓 Má tá suim agat tionscadal mar seo a dhéanamh le Gaelscoil eile in Éirinn, seol ríomhphost chuig nuacht@aisaonad.org