Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta
Ar smaoinigh tú riamh gur mhaith leat dul go dtí an Spás? Tá an Spás níos cóngaraí ná mar a shílfeá, b’fhéidir. Níl an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta ach 408km os ár gcionn agus bíonn daoine ag dul suas agus anuas i rith an ama. De ghnáth, téann daoine suas ar mhisean agus tuigeann siad cé chomh fada a bheidh siad ar bord an stáisiúin spáis. Ach bhí scéal difriúil ag beirt spásairí anuraidh.
Suni Williams
D’éirigh an roicéad ina raibh Suni Williams agus Butch Wilmore den talamh i mí an Mheithimh 2024. Bhí siad le fanacht ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta ar feadh ocht lá agus, ansin, teacht ar ais go dtí an Domhan. Ach bhí fadhbanna teicniúla ag an spáslong ina raibh siad agus ní raibh siad ábalta teacht ar ais ann. Bhí gás ag teacht isteach agus bhí baol ann go bpléascfadh sé.
Ag glacadh pictiúr den Domhan
Sa deireadh, bhí orthu fanacht naoi mí sa bhreis sula raibh seans acu filleadh abhaile. Seans maith gur chronaigh siad a gcuid cairde agus a dteaghlach ach níor chuir siad sin in iúl do dhuine ar bith. Níorbh é sin an chéad uair a bhí siad sa Spás agus bhí go leor rudaí a dtiocfadh leo a dhéanamh agus iad ann.
Is beag éifeacht atá ag an domhantarraingt anseo
De thairbhe go bhfuil an Stáisiún Spáis ag taisteal thart ar an Domhan, is beag éifeacht a bhíonn ag an domhantarraingt air. Is í an domhantarraingt a choinníonn muid ceangailte leis an Domhan agus a stopann muid de bheith ag eitilt amach sa Spás. Mar sin de, bíonn seans ag an chriú turgnaimh a dhéanamh nuair nach mbíonn domhantarraingt ann. Turgnamh amháin a rinne siad ná a fheiceáil an dtig le fanacht beo sa Spás.
Ag déanamh turgnaimh
D’imigh Suni agus Butch, in éineacht le beirt spásairí eile, maidin Dé Máirt agus, má oibríonn rudaí amach i gceart, beidh siad ar ais sa Domhan faoin am a léann tú an t-alt seo.
Nuashonrú . . .
Thuirling an criú slán sábháilte ar uisce (NASA/Keegan Barber)
Le déanamh:
Smaoinigh ar thurgnamh a chuirfeá féin ar an Stáisiún Spáis.
Abair go raibh tú féin gafa sa Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta. Coinnigh dialann de sheachtain a chaith tú ann.
Cad é an chéad rud ba mhaith leat nuair a thiocfá ar ais? Thiocfadh vóta a dhéanamh sa rang lena fheiceáil cad é an rud is mó ba mhaith le daoine.
Fiosraigh áiteanna ar léarscáil atá 408km ar shiúl ó do bhaile thar talamh nó thar farraige?
Pictiúir:
Pictiúir uilig le NASA.
Pictiúr clúdaigh: NASA/Nick Hague