Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is é an lá inniu Lá Domhanda na hAthchúrsála. Is lá é seo le haird daoine a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann leis an athchúrsáil. Anois, seans go bhfuil duine nó beirt sa rang – tú féin, b’fhéidir – a shíleann nach bhfuil lá mar seo de dhíth, nó bíonn sé deacair gan aird a bheith agat ar an athchúrsáil na laethanta seo – ní stadann daoine de bheith ag caint faoi dtaobh di!
Ní bhíonn ann ach drochscéalta faoin phlaisteach agus faoin athchúrsáil – ach an éistimid?
Ar an drochuair, áfach, is é fírinne shearbh an scéil nach bhfuil go leor daoine ag éisteacht leis na teachtaireachtaí faoin athchúrsáil. Mar thír, agus mar dhomhan, níl muid ag déanamh go leor athchúrsála.
Ar smaoinigh tú riamh ar an rud a tharlódh dá stopfadh muid de bheith ag athchúrsáil?
Dá stopfadh muid de bheith ag athchúrsáil – bheadh an domhan ag cur thar maoil le bruscar!
Bhuel, dá mbeadh muid le gach rud a chaitheamh ar shiúl chomh luath is a bheadh muid réidh leis, bheadh an domhan cosúil le bosca bruscair mór – bosca bruscair a bheadh ag cur thar maoil! Ní bheadh spás ar bith fágtha sna láithreáin líonta talaimh agus rachadh cuid den bhruscar isteach sna farraigí. Bheadh daoine ag dó bruscair le fáil réitithe de agus bheadh truailliú aeir ann.
Caithfidh muid rudaí a athúsáid – sin, nó rithfidh muid amach as acmhainní nádúrtha
Rud eile a tharlódh gan athchúrsáil ná go rithfeadh muid amach as acmhainní nádúrtha. Is acmhainní nádúrtha iad miotal, gás agus ola. Faighimid na rudaí seo ón talamh agus níl ach méid áirithe díobh ann. Is acmhainn nádúrtha iad na crainn fosta, a thugann adhmad dúinn. Dá mbeadh muid le gach rud a chaitheamh ar shiúl chomh luath is a bheadh muid réidh leis, rithfeadh muid amach as na hacmhainní nádúrtha seo go gasta.
An fhadhb atá ann, tá na rudaí seo ag tarlú cheana féin. Tá na láithreáin líonta talaimh ag cur thar maoil; tá bruscar ag dul isteach sna farraigí; tá i bhfad barraíocht truailliú aeir ag tarlú. Tá muid ag rith amach as cineálacha áirithe miotail cheana féin, agus as gás agus ola, agus tá muid ag gearradh síos na gcrann níos gasta ná mar a thig leo fás.
Mar dhomhan, caithfidh muid ár gcuid nósanna a athrú. Caithfidh muid na hábhair uilig atá in-athchúrsáilte a chur sa bhosca athchúrsála – cannaí miotail, buidéil ghloine, páipéar agus cairtchlár, agus plaistigh in-athchúrsáilte. Na rudaí eile nach bhfuil chomh furasta sin a athchúrsáil, caithfidh muid iad a athúsáid – málaí plaisteacha agus seanéadaí, mar shampla.
Mar sin, ar Lá Domhanda na hAthchúrsála, in áit neamhaird a thabhairt ar theachtaireacht na hathchúrsála, mar gur seanscéal é – caithfidh muid a thuiscint gur scéal beo agus gur scéal práinneach é. Nuair a thuigimid féin sin, beidh muid ábalta cuidiú leis na daoine eile thart orainn an scéal sin a thuiscint fosta.
Le plé
An chomhairle a bhíonn ag lucht na timpeallachta dúinn ná laghdaigh, athúsáid, athchúrsáil! Mar rang, déanaigí plé ar na trí rud seo agus smaoinígí ar shamplaí. Scríobhaigí sainmhíniú le go dtuigfeadh páistí i scoileanna eile iad.
Ní féidir gach cineál de phlaisteach a chur sa bhosca athchúrsála sa teach. Amharc ar an phlaisteach lena fheiceáil an bhfuil comhartha triantánach athchúrsála ann, déarfaidh sé seo leat más féidir an plaisteach a athchúrsáil.
Go minic, mura mbíonn an triantán ann, beidh eolas ann a déarfaidh leat cé acu is féidir é a athchúrsáil nó nach féidir.
De ghnáth, ní féidir ach amháin na plaistigh le Triantán 1 nó Triantán 2 a chur sa bhosca athchúrsála sa teach.
Ach, mura mbíonn triantán nó fógra athchúrsála ann, seo cúpla leid duit faoi phlaistigh nár cheart duit a chur sa bhosca athchúrsála…
♻️ Ní féidir plaisteach salach a athchúrsáil, plaisteach a mbeadh bia greamaithe de, mar shampla – glan é ar dtús. (Ba cheart duit iarracht a dhéanamh gach rud a ní sula gcuireann tú sa bhosca athchúrsála – gloine agus miotal chomh maith)
♻️ De ghnáth, ní féidir greimchlúdach, nó plaisteach tanaí eile a úsáidtear le rudaí a chlúdach, a athchúrsáil.
♻️ De ghnáth, ní féidir cúr plaisteach a athchúrsáil, polaistiréin, mar shampla.
♻️ De ghnáth, ní féidir plaistigh mheasctha a athchúrsáil. Clúdach milseán nó málaí brioscán prátaí – tá na clúdaigh seo déanta de mheascán d’ábhair agus bíonn sé ródheacair iad a scaradh.
♻️ De ghnáth, bíonn sé ródheacair plaisteach crua (bréagáin nó scuaba fiacla, mar shampla) a athchúrsáil (ach amharc an bhfuil an comhartha triantánach ann)