Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bíonn gnáthóga difriúla ag na plandaí agus na hainmhithe éagsúla. An chiall atá le gnáthóg ná an ghnáth-áit a gcónaíonn planda nó ainmhí.
Leis na mílte bliain anuas, d’athraigh na hainmhithe agus na plandaí le bheith in oiriúint dá ngnáthóg. Ciallaíonn sin go bhfuil na hainmhithe agus na plandaí sin iomlán ceart le bheith beo san áit ina mbíonn siad.
(Tá an ghráinneog in oiriúint dá gnáthóg thíos faoi na sceacha ar imeall na páirce.)
Mar shampla, is áit iontach fuar é an tArtach (cóngarach don Phol Thuaidh.) Ní fhásann mórán plandaí ansin, ach tá roinnt ainmhithe ina gcónaí ann go fóill. Tá an béar bán in oiriúint le bheith beo san Artach.
Cé go mbíonn sé iontach fuar san Artach, ní chuireann an fuacht isteach ar an bhéar bán ar an dóigh chéanna agus a chuirfeadh an fuacht isteach ar bhéir eile.
(Tá rud speisialta darbh ainm blonag thíos faoi chraiceann an bhéir bháin. Coinníonn an bhlonag te é.)
Ar an lámh eile, tá ainmhithe agus plandaí ann a mhaireann san fhásach nó sa ghaineamhlach. Is gnáthóg an-difriúil é sin ón Artach. Bíonn an aimsir iontach te agus iontach tirim san fhásach. Níor mhaith leis an bhéar bhán bheith beo san fhásach. Ní bheadh sé ábalta dul a shnámh. Agus ní bheadh an bia is fearr leis - rónta - ar fáil aige le hithe.
Ach, is féidir le camaill maireachtáil sa ghaineamhlach. Tá an camall ábalta bia breise a stóráil sna cnapáin ar a dhroim. Ar an dóigh sin, is féidir leis siúl tríd an ghaineamhlach ar feadh roinnt laethanta, gan ithe, go dtí go dtagann sé ar bhia.
Is gnáthóg iomlán difriúil arís í an Fhoraois Bháistí. Bíonn an aimsir ansin iontach te agus tais. Titeann an fhearthainn beagnach gach lá ar feadh tamaill. Fásann a lán cineálacha plandaí difriúla san Fhoraois Bháistí. Tá a lán cineálacha ainmhithe agus éan difriúil le fáil san Fhoraois Bháistí fosta. Is maith leis na plandaí agus na hainmhithe sin an teas agus an fhearthainn.
Tá gnáthóga difriúla le feiceáil thart orainn anseo in Éirinn fosta:-
an choill
an abhainn
an pháirc
an sliabh.
Amharc thart ort go bhfeicfidh tú cén cineál ainmhithe agus éan atá ina gcónaí sna gnáthóga difriúla sin. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach do na mionainmhithe fosta.
Le plé nó le déanamh
Cá mhéad cineál éagsúil gnáthóg atá luaite san alt seo? Cad iad?
An féidir leat ainmhithe eile a ainmniú a bhíonn ina gcónaí san fhásach, san fhoraois bháistí nó sna Críocha Fuara (san Artach / in Antartaice)?
Amharc ar léarscáil an domhain. Aimsigh an tArtach agus Antartaice. Cá mbíonn gaineamhlach agus foraoisí báistí le fáil ar an domhan fosta?
Déan staidéar ar ghnáthóg in aice le do scoil nó do bhaile. Cad iad na cineálacha plandaí agus ainmhithe atá ina gcónaí ansin? Tarraing pictiúir díobh agus cuir a n-ainmneacha i nGaeilge ar do phictiúir.