Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá seans maith gur chuala sibh iomrá ar ‘Trócaire’ roimhe. B’fhéidir go bhfuil a mboscaí beaga agaibh sa rang nó sa teach? Is carthanas Éireannach é ‘Trócaire’. Bailíonn siad airgead le cuidiú le daoine atá fíorbhocht in áiteanna bochta ar fud an domhain. An chiall atá le ‘trócaire’ ná trua. Má léiríonn tú trócaire, bíonn trua agat do dhaoine eile agus ba mhaith leat cuidiú leo nuair a bhíonn drochbhail orthu.
(Cuidíonn Trócaire sna tíortha bochta tríd seirbhísí a chur ar fáil nach mbíonn ann d'achan duine sa tír.)
Tá an carthanas ‘Trócaire’ ag cuidiú le daoine bochta san Afraic le caoga bliain anuas. Cuidíonn ‘Trócaire’ le daoine i dtíortha bochta chun bunriachtanais na beatha a fháil. Nuair a tharlaíonn cogadh, nó tubaiste nádúrtha (mar shampla, crith talún nó triomach), bíonn daoine fágtha gan bhia agus in amanna caithfidh siad an baile s’acu a fhágáil. Tugann ‘Trócaire’ bia dóibh agus cuidíonn leo dídean a fháil.
(Thug Campa na dTeifeach seo dídean do dhaoine sa tSomáil. Bhí orthu imeacht óna mbailte mar gheall ar chogadh sa tír.)
In áiteanna eile, cuidíonn siad le sráidbhailte tobar a thochailt chun uisce a fháil. Bíonn an t-uisce ón tobar i bhfad níos sábháilte agus níos glaine ná cuid de na locháin uisce a bhíodh in úsáid acu roimhe sin. Go minic, bhíodh ar na mná achar fada a shiúl chun uisce a bhailiú ón lochán. Ansin, bheadh orthu crúiscín mór uisce a iompar ar ais leo. Ní raibh an t-uisce seo i gcónaí glan, ná sábháilte, mar d’ól na hainmhithe amach as fosta, rud a d’fhág a lán clábair san uisce.
(cailíní óga ag iompar uisce san Afraic)
(Daoine bochta ag bailiú uisce atá salach ó lochán)
(Páistí sásta ag ól uisce atá deas glan amach as tobar úrnua.)
Fiú i ndiaidh caoga bliain de bheith ag cuidiú, ta géarghá le hobair ‘Trócaire’ go fóill. Ar an drochuair, sa lá inniu, tarlaíonn na tubaistí nádúrtha, cosúil le triomach agus tuilte, níos minice ná riamh. Cé go mbíonn na daoine ansin ag déanamh iarracht chun barra a fhás le bia a dhéanamh dóibh féin, is féidir lena n-iarrachtaí a bheith scriosta mar gheall ar dhrochaimsir atá rófhliuch nó róthirim. Ní bhíonn neart acu air sin, tarlaíonn sé mar gheall ar an téamh domhanda.
(Barra ag fáil bháis gan uisce.)
(Triomach i dtír bhocht, ach tarlaíonn na hathruithe aimsire seo mar gheall ar chruthú fuinnimh sna tíortha saibhre.)
Is é an Carghas an t-am is mó sa bhliain nuair a bhailíonn Trócaire airgead chun cuidiú sna tíortha bochta sin. B’fhéidir go dtabharfá thusa cuid de d’airgead póca dóibh i mbliana agus ‘trócaire’ a léiriú do dhaoine bochta in áiteanna eile sa domhan.
(An bhfuil cúpla pingin le spáráil agat do dhaoine eile i dtíortha bochta?)
Le plé agus le déanamh
Cén bhliain inar thosaigh Trócaire ag obair thar sáile mar charthanas? An féidir leat sin a oibriú amach ón eolas san alt?
An bhfuil a fhios agat cá fhad a mhaireann an Carghas? Mura bhfuil tú cinnte, fiosraigh ar Nuacht Anois lena fháil amach. (Cuir an focal Carghas isteach sa bharra cuardaigh le hailt faoin Charghas a aimsiú.)
Bíonn drochéifeachtaí ag an téamh domhanda san Afraic agus i dtíortha bochta eile thart ar an domhan. Ach tarlaíonn an téamh domhanda mar gheall ar an fhuinneamh uilig a úsáideann na tíortha níos saibhre (muidne ina measc sin). Cad é do bharúil faoi sin?
Tá a lán eolais agus áiseanna foghlama ag an charthanas Trócaire. Is féidir libh breathnú ar chuid acu anseo agus anseo.