Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An maith leat bheith ag léamh faoi dhaoine a mhair fadó? Nó daoine atá ina gcónaí i bhfad ar shiúl agus a bhfuil saol iomlán difriúil acu? Nó fiú an cineál saoil a bhí againn féin anseo in Éirinn. Tá sin uilig agus tuilleadh ar fáil sna Fillteáin Fíricí is déanaí againn ar an ardán seo. Is ailt iad na Fillteáin Fíricí atá giota beag níos faide ná na gnáth-ailt a bhíonn againn anseo agus tugann siad níos mó eolais faoi rudaí ar leith. Agus bíonn siad lán fíricí…agus sin an fáth a dtugaimid ‘Fillteáin Fíricí’ orthu!
Bíonn dúil ag gach duine sna hÉigiptigh agus chuala muid uilig faoi Thútancáman. Ach cén dóigh a ndearna siad na pirimidí, cad chuige a ndearna siad mumaithe de na daoine marbha agus cad é a chiallaíonn an scríbhneoireacht mhistéireach acu, na hiairiglifí? Beidh freagra na gceisteanna sin agat sa dá alt ar na Sean-Éigiptigh, anseo agus anseo.
Dream spéisiúil eile a bhí sna Normannaigh agus thig leat foghlaim faoin rian a d’fhág siad ar stair na hÉireann anseo. Ba iad na Normannaigh a chuir tús leis na caisleáin sa tír seo, mar shampla.
Is áit speisialta í an Amasóin agus tá ailt ann faoi na treibheanna dúchasacha atá ina gcónaí sna foraoisí ann. Ar an drochuair, tá an ceantar seo faoi bhagairt – léigh an scéal anseo.
Is féidir leat na Fillteáin Fíricí a úsáid le cuidiú leat má bhíonn tú ag déanamh taighde. Má tá focal ba mhaith leat a chuardach, scríobh isteach é san inneall cuardaigh. Thig leat na naisc atá againn san alt seo a úsáid, ar ndóigh.
Agus tú ar an phríomhleathanach de NuachtAnois, brúigh an cnaipe dearg ‘Féach ar liosta iomlán na n-alt’. Feicfidh tú ciorcal gorm agus saighead ann. Brúigh air sin agus feicfidh tú liosta. Má théann tú chuig bun an liosta, feicfidh tú na Fillteáin Fíricí. Brúigh air sin agus tiocfaidh an liosta iomlán aníos.
Ar na hailt nua eile atá ar fáil anois tá
• Na Teangacha Ceilteacha
• Beanna Boirche
• Leictreachas agus Ciorcaid
• Fiacla na n-ainmhithe
• Stair na scolaíochta in Éirinn
Le déanamh:
Roghnaigh ceann amháin de na cúig theideal thuasluaite agus cuardaigh é ar cheann amháin de na dóigheanna atá luaite.
An dtig leat féin smaoineamh ar thopaic ar bith a dhéanfadh Fillteán Fíricí maith? Topaic a rinne sibh féin ar scoil b’fhéidir? Cuir ríomhphost chugainn!