Na Cluichí Oilimpeacha Speisialta

Dé Luain, an 10ú Márta 2025


Tá Cluichí Domhanda an Gheimhridh ag tarlú faoi láthair i dTorino na hIodáile. Is cuid de na Cluichí Oilimpeacha Speisialta iad na cluichí seo.


Bíonn na Cluichí Oilimpeacha Speisialta oscailte do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta. Cad is ciall leis sin? Bhuel, dá mbeadh míchumas intleachta ort, thiocfadh deacrachtaí a bheith agat bogadh, foghlaim agus forbairt ar an dóigh chéanna le gach duine eile. Mar shampla, seans nach mbeifeá in ann bogadh gan cuidiú ó dhaoine eile, nó nach bhfásfadh do chorp ar an dóigh chéanna.


Is féidir le duine teacht ar an saol le míchumas intleachta agus é nó í ina b(h)abaí. Ach, is féidir go dtarlódh sé do dhuine níos sine fosta, mar gheall ar thimpiste nó tinneas a dhéanann dochar don inchinn.


Creideann na daoine a eagraíonn na cluichí ‘speisialta’ seo go bhfuil sé fíor-thábhachtach deiseanna spóirt a thabhairt do gach duine. B’fhéidir nach mbeadh na lúthchleasaithe speisialta seo chomh gasta céanna le roinnt daoine eile, ach ba chóir go mbeadh na deiseanna céanna acu.


Ar ndóigh, tuigimid go léir go ndéanann an spórt maitheas dúinn. Nach luíonn sé le ciall, mar sin, go ndéanfadh sé maitheas do gach duine, fiú má bhíonn deacrachtaí ag an duine sin bogadh go neamhspleách.

(Foireann na hÉireann i mBaile Átha Cliath roimh dhul go Torino. Guímid gach rath orthu!)


Cuireadh tús leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in Chicago, thiar sa bhliain 1968. Ghlac thart faoi 1,000 lúthchleasaí páirt iontu an bhliain sin. Lean na Cluichí Oilimpeacha Speisialta ar aghaidh, ag titim amach sa samhradh gach ceithre bliana, i S.A.M. Ba sa bhliain 2003, nuair a tharla siad i dtír eile den chéad uair. Agus cá raibh sin? Anseo in Éirinn, i mBaile Átha Cliath, nuair a ghlac breis agus 7,000 lúthchleasaí ó 150 tír páirt iontu.

(Oscailt oifigiúil Chluichí Oilimpeacha Speisialta an tSamhraidh, 2003, i bPáirc an Chrócaigh.) 


Bíonn Cluichí Speisialta an Gheimhridh ann chomh maith gach ceithre bliana, le deis a thabhairt do na lúthchleasaithe bheith páirteach i spóirt eile. I mbliana, tá 14 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Geimhridh. Tá 6 acu ag glacadh páirt sna comórtais sciála agus tá 8 acu ag glacadh páirt sa chomórtas “Liathróid Urláir”. Is spórt measartha úr í an Liathróid Urláir. Tá sí rud beag cosúil le “unihoc”. Bíonn ceathrar ar gach foireann agus imrítear taobh istigh í.


Tá traidisiún láidir agus bródúil ag “Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann” spórt de gach cineál a chur ar fáil do na lúthchleasaithe speisialta seo. Tugann seo an deis do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta éirí níos láidre agus níos aclaí, cairde nua a dhéanamh agus lúcháir a bheith orthu nuair a bhaineann siad sprioc amach. Is mór a dhéanann na Cluichí Oilimpeacha Speisialta chun saol na lúthchleasaithe a bhíonn páirteach iontu a athrú.

(Kevin Murray ó Ard Mhacha a bhain boinn sna comórtais snámha náisiúnta a bhí eagraithe ag Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann cúpla bliain ó shin - pic le clann Uí Mhuirí)


(Grianghraif eile le caoinchead Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireannn, seachas an pictiúr d'oscailt oifigiúil Chluichí an tSamhraidh 2003 trí choimíneacht Wikimedia, CC BY-SA 3.0)


Le plé nó le déanamh

🤔 Cad é atá i gceist má bhíonn duine faoi mhíchumas intleachta? Mínigh i d’fhocail féin é.

🤔 Cén fáth a mbeadh sé maith do dhuine atá faoi mhíchumas intleachta páirt a ghlacadh i spórt?

🗺️ Aimsigh Torino (Turin sa Bhéarla) ar léarscáil na hIodáile. Cad é an sliabhraon clúiteach atá cóngarach don chathair sin?

👀 Bíonn obair iontach ar siúl ag Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann. Foghlaim níos mó faoi sin anseo

🤔 Bíonn na Cluichí Oilimpeacha Speisialta ag brath go mór ar dhaoine a thugann cuidiú go deonach do na lúthchleasaithe. Cad é an cineál oibre a dhéanfadh na daoine seo go deonach, i do bharúil? Ar mhaith leat féin obair dheonach den chineál sin a dhéanamh?



meas