Carghas agus Ramadan

Dé Céadaoin, an 4ú Márta 2025


Faigheann Críostaithe siombail na croise ar a n-éadan ar Chéadaoin an Luaithrigh

Tá an Carghas agus Ramadan iontach tábhachtach dá lán daoine ar fud an Domhain. I mbliana, titeann dáta an dá thréimhse thart ar an am céanna. Cuireadh tús le Ramadan oíche Aoine, an 28ú Feabhra agus tosóidh an Carghas amárach, Dé Céadaoin, an 5ú Márta. Tugtar Céadaoin an Luaithrigh ar an lá seo.

Chaith Íosa 40 lá san fhásach

Déanann a lán Críostaithe an Carghas i gcuimhne ar Íosa, a chaith 40 lá amuigh san fhásach. Chaith sé an t-am seo ag guí agus dhiúltaigh sé arán a ithe, cé go raibh an diabhal ag cur cathú air. Ba é an teachtaireacht a bhí ag Íosa ná go bhfuil arán spioradálta Dé níos tábhachtaí ná an t-arán a ithimid. Éiríonn Críostaithe as rud éigin is maith leo, milseáin, mar shampla, nó imirt cluichí ríomhaire, agus déanann siad iarracht cuidiú le daoine chomh maith. Sa dóigh seo, tá súil acu go mbeidh siad níos cóngaraí do Dhia.

An Córán, leabhar naofa na Moslamach

Is mí naofa é Ramadan do na Moslamaigh. Ceiliúrann Ramadan an t-am a bhfuair Mahamad an leabhar naofa, an Córán. Tá na rialacha do Ramadan giota beag níos daingne nó níl cead ag daoine rud ar bith a ithe ná a ól ó éirí na gréine ar maidin go dtí luí na gréine san oíche. Bíonn cead acu béile a bheith acu nuair a thiteann an dorchadas. Chomh maith leis sin, déanann daoine iarracht cuidiú le daoine eile. Is seans dóibh dul níos cóngaraí do Allah, an t-ainm atá acusan ar Dhia. Ná bí ró-bhuartha más Moslamach thú nó ní gá do na páistí éirí as an bhia ná an deoch ach thiocfadh leo leathlá a dhéanamh.

Is minic a bhíonn uibheacha Cásca ag daoine ar Dhomhnach na Cásca

Ag deireadh na dtréimhsí seo, bíonn ceiliúradh speisialta ann. Bíonn Eid-al-Fitr ag na Moslamaigh agus bíonn bia deas ar fáil agus tagann daoine agus teaghlaigh le chéile. I mbliana, titeann Eid-al-Fitr ar an 30ú Márta. I gcás na gCríostaithe, bíonn an Cháisc ann. Bíonn béile mór ag Críostaithe ar Dhomhnach na Cásca agus bíonn deis ag daoine blaiseadh de na rudaí ar éirigh siad astu le linn an Charghais. Titfidh Domhnach na Cásca ar an 20ú Aibreán i mbliana. Agus beidh ceiliúradh speisialta ag Giúdaigh thart ar an am sin chomh maith, nó beidh Cáisc na nGiúdach ann idir an 12ú Aibreán agus an 20ú Aibreán.

Bíonn deireadh leis an troscadh ag Eid-al-Fitr


Le déanamh:

Déanann daoine Carghas ar rudaí is maith leo, rudaí a bheadh deacair a thabhairt suas. Mar rang, déanaigí liosta de na rudaí is mó a mbeadh sé deacair Carghas a dhéanamh orthu? Is féidir libh vóta ranga a dhéanamh ar na rudaí is deacra a dhéanamh.


Pictiúir:

An Córán: Nur El Imany / Shutterstock.com


meas