Ár dTeanga Dhúchais a cheiliúradh

Dé Luain, an 3ú Marta, 2025


Tá Seachtain na Gaeilge 2025 faoi lán seoil. Cuireadh tús léi an tseachtain seo caite le himeachtaí éagsúla ar fud na tíre.


Le fírinne, ní “Seachtain na Gaeilge” a bhíonn ann níos mó. Maireann an ceiliúradh anois ón 1ú - 17ú lá de mhí an Mhárta gach bliain. Mar sin de, bhaist duine éigin cliste “Seacht-déag na Gaeilge” air i mbliana!

(An fearr leat an leasainm úr?)


Is maith linn ar fad craic a bheith againn agus ceiliúradh a dhéanamh le cairde. Agus is cinnte go dtugann “Seacht-déag na Gaeilge” go leor deiseanna dúinn bheith páirteach in imeachtaí sultmhara fud fad na tíre. Thosaigh an chraic le céilí ar shráideanna Loch Garman an tseachtain seo caite. 


Beidh réimse leathan imeachtaí ag tarlú le linn na féile, idir seo agus Lá Fhéile Pádraig. Mar shampla, beidh “Parkrun” na Gaeilge, comórtas drámaíochta agus comórtas peile do pháistí scoile i measc go leor leor imeachtaí eile i mBéal Feirste.

(B'fhéidir go mbeadh ceolchoirm nó seó tallainn agaibh ar scoil i rith Sheachtain na Gaeilge?)


Mar a tharlaíonn i mbliana, tá trí dheireadh seachtaine i rith “Sheacht-déag na Gaeilge”. Mar sin, beidh Lá Spraoi, lena lán imeachtaí don teaghlach ar fad, ag tarlú gach Satharn i mBéal Feirste (i gceantar difriúil den chathair gach seachtain).

(grianghraif ón Lá Spraoi Cois Lao 2024)


Beidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ag socrú ceardlanna nádúir, ceoil agus ealaíne, “Scoileanna Coille”, inar féidir leat do chuid Ghaeilge a chleachtadh amuigh faoin aer agus rud beag a fhoghlaim faoin dúlra ag an am céanna.

(Bíonn an clár "Scoil Choille" ar fáil ar Fhoghlaim TG4- faoin rannóg "Tíreolaíochta" sa "Bhunleibhéal".)


Faigh amach cad é a bheidh ag tarlú i do cheantar féin le linn “Seacht-déag na Gaeilge” agus glac páirt i gcuid de na himeachtaí. Agus thar aon eile, bain sult as an cheiliúradh speisialta seo ar ár dteanga, ár dtír agus ár gcultúr!


Le plé nó le déanamh

💚 An mbeidh tú féin páirteach in imeacht ar bith i rith Sheachtain na Gaeilge? Nó, an raibh tú páirteach in imeacht anuraidh? Cad é an cineál imeachta atá / a bhí ann? Ar thaitin sé leat, nó an bhfuil tú ag dúil leis (murar tharla sé cheana)?


💚 Dá mbeifeá chun Clár na Féile a dhearadh do Sheachtain na Gaeilge i do scoil, cad iad na himeachtaí a chuirfeá ar siúl? (Ná déan dearmad smaoineamh ar na ranganna ar fad. Beidh réimse imeachtaí de dhíth.) Pleanáil agus maisigh do chlár féin, nó thiocfadh leat seo a dhéanamh i ngrúpa le do chairde.


💚 Gach bliain, tugann an tUachtarán óráid atá spreagúil faoin Ghaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. Samhlaigh gur tusa Uachtarán na hÉireann, cad é a déarfá thar ceann na tíre ar mhaithe lenár dteanga dhúchais i mbliana? Déan cleachtadh agus abair d’óráid amach os comhair do ranga.



meas