Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge Dé Sathairn agus mairfidh sí go dtí Lá Fhéile Pádraig. Seachtain measartha fada, thiocfadh leat a rá, ach is rud traidisiúnta an ‘tseachtain’ sin anois. Is deis í an Ghaeilge a úsáid go poiblí agus í a thaispeáint mar theanga bheo. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil Seachtain Ghaeilge na hAlban ann an tseachtain seo?
Is teanga í Gaeilge na hAlban a bhí á labhairt ar fud na hAlban, lá den saol. Tá sí iontach cosúil le Gaeilge na hÉireann cé go bhfuil sé deacair againne mórán a thuiscint agus í á labhairt. Ceann de na chéad rudaí a fheiceann daoine ná go dtéann an síneadh fada an bealach eile, mar atá san fhocal ùr.
Tá cuid de na focail go díreach mar an gcéanna le Gaeilge na hÉireann, leabhar, mar shampla, nó doras. Cuid de na focail, tá siad níos cosúla leis an Bhéarla, tidsear (múinteoir) nó coimpiutair (ríomhaire), cuir i gcás. Ar a bharr sin, tá focail dhifriúla acu ar rudaí áirithe, cé gur focail iad atá i nGaeilge na hÉireann chomh maith. Cù an focal is coitianta atá acu ar madadh/madra cé go bhfuil madadh acu chomh maith. Dealbh an focal atá acu ar pictiúr nó grianghraf. I nGaeilge na hÉireann ciallaíonn dealbh íomhá atá déanta de chloch nó ábhar eile crua.
Labhraítear Gaeilge na hAlban in áiteanna mar seo sa Ghàidhealtachd
Seo thíos roinnt focal atá iontach cosúil le Gaeilge na hÉireann. An bhfuil tú ábalta iad a aithint? Beidh na freagraí ag bun an ailt.
bun-sgoil
Ciamar a tha thu?
sgeul
facal
uinneag
Ar an drochuair, níl Gaeilge na hAlban chomh láidir sa tír sin agus atá an Ghaeilge anseo in Éirinn. Ach tá daoine ag iarraidh í a thabhairt ar ais mar theanga a bheidh in úsáid go coitianta arís agus tá súil acu go gcuideoidh Seachdain na Gàidhlig leis sin. Bíonn imeachtaí ar siúl in áiteanna a bhfuil Gaeilge na hAlban á labhairt iontu go fóill, an Ghàidhealtachd, le tabhairt ar dhaoine an teanga a úsáid nó a fhoghlaim. Cosúil leis an tír seo, tá scoileanna Ghaeilge na hAlban ann agus spreagann na scoileanna seo daoine le níos mó Gaeilge a úsáid sa teaghlach agus sa saol mór.
Beidh alt againn an tseachtain seo chugainn faoi Sheachtain na Gaeilge in Éirinn.
Le déanamh:
Foghlaim tuilleadh faoi Ghaeilge na hAlban sa suíomh seo.
Úsáid an t-ardán seo le níos mó a fhoghlaim faoi Albain. Úsáid na focail seo a leanas le cuidiú leat cuardach a dhéanamh: Albain agus na hAlban.
Freagraí:
bun-sgoil: bunscoil
Ciamar a tha thu?: Cad é mar atá tú?/Conas atá tú?
sgeul: scéal
facal: focal
uinneag: fuinneog
Pictiúir:
Aerfort Bharraigh: Emily Marie Wilson / Shutterstock.com
Obar Dheathain: The Dark Knight / Shutterstock.com