An Béar Bán agus an tAthrú Aeráide

Déardaoin, an 27ú Feabhra 2025


Is é an lá inniu ‘Lá Idirnáisiúnta na mBéar Bán’. Chuir carthanas darb ainm ‘Béir Bhána Idirnáisiúnta’ tús leis an lá seo sa bhliain 2017 le haird an domhain a tharraingt ar chás na mbéar bán. 

Ag an am seo den bhliain, tá an béar bán óg go fóill i bhfolach i bpoll thíos faoin sneachta


Roghnaigh siad an dáta seo nó, ag an am seo den bhliain, tá na béir bhána óga go fóill slán sábháilte. Tá siad istigh i bpoll in aice lena mamaí, te teolaí, thíos faoin sneachta. An fhadhb atá ann, áfach, mar gheall ar an athrú aeráide, níl duine ar bith cinnte faoin mhéid a bheidh i ndán dóibh nuair a thiocfaidh siad amach as an pholl. 

Níl an todhchaí cinnte do bhéir bhána óga


Tá an t-athrú aeráide i ndiaidh dul i bhfeidhm ar chuid mhór ainmhithe, agus daoine, fud fad an domhain. Tá aird agus cuidiú tuillte go mór acusan fosta, go cinnte. Ach, is sórt siombaile é an béar bán den bhagairt mhór a bhaineann leis an athrú aeráide nó tá fíor-bhaol ann go n-imeoidh an creachadóir mór seo in éag ar fad má leanann an Domhan de bheith ag éirí níos teo.

Tá an t-athrú aeráide ag cur isteach ar ainmhithe agus ar dhaoine ar a lán bealaí difriúla…


…ach mothaíonn béir bhána na héifeachtaí níos mó ná cuid mhaith ainmhithe eile. Tá baol ann nach mbeidh béir bhána ar bith fágtha ar domhan roimh i bhfad


Cónaíonn an béar bán san Artach – an ceantar thart ar an Phol Thuaidh. Is é an béar is mó ar domhan é agus an creachadóir talaimh is mó ar domhan fosta. Bíonn sé ag brath go mór ar an oighear san fharraige le cuidiú leis teacht ar bhia – rónta, den chuid is mó.

Cuidíonn an t-oighear leis an bhéar bhán rónta a cheapadh – thig leo dul i bhfolach taobh thiar den oighear agus teacht aniar aduaidh ar na rónta


Tá na béir bhána iontach maith ag snámh ach ní bheadh seans ar bith acu rón a cheapadh san uisce oscailte


Ach, mar gheall ar an athrú aeráide, tá an méid oighir a bhíonn ann san Artach ag cúlú, bliain i ndiaidh bliana. Bíonn an samhradh níos teo agus níos faide. Braitheann an béar bán go mór ar an oighear le meáchan a chur suas i rith an gheimhridh le go mairfidh sé beo go dtí an chéad gheimhreadh eile. Ach na béir bhána óga a bheidh ag teacht amach as an pholl go luath, má bhíonn an samhradh rófhada agus mura dtagann go leor oighir sa gheimhreadh, tá seans maith ann nach bhfeicfidh siad a gcéad bhreithlá.

Mura mbíonn go leor oighir ann, ní féidir leis an mháthair go leor bia a cheapadh le go bhfásfaidh an béar bán óg go láidir


Ar Lá na mBéar Bán, smaoiníonn daoine ar an troid in éadan an athraithe aeráide agus ar an mhéid atá le déanamh againn le nach n-imeoidh na béir bhána, agus ainmhithe eile atá sa chás chéanna leo, ón domhan ar fad.

Má imíonn an t-oighear, imeoidh na béir


Ar an drochuair, tá an troid seo i ndiaidh éirí níos deacra le tamall anuas. In áit a bheith ag éirí bogadh ar shiúl ó ghás agus ola, rudaí a chuireann go mór leis an téamh domhanda – tá na comhlachtaí móra breosla ag rá go mbeidh siad ag cruthú níos mó gáis agus ola. Ní chuidíonn sé, ach an oiread, nuair nach gcreideann an duine is cumhachtaí ar domhan go bhfuil an t-athrú aeráide fíor.

Drill baby, drill!’ – tá t-uachtarán nua i dtír iontach mór ag iarraidh níos mó ola a dhruileáil san Artach


Le plé

An síleann tú gur siombail mhaith é an béar bán den dochar a bhaineann leis an athrú aeráide? Cén fáth?

An dtig leat smaoineamh ar bhealaí eile a bhfuil an t-athrú aeráide i ndiaidh cur isteach ar shaol ainmhithe nó daoine le tamall anuas? (Is féidir leat ailt eile a chuardach ar an SN/NA le cuidiú leat).

Cé hé ‘an duine is cumhachtaí ar domhan’ atá luaite san alt seo agus nach gcreideann go bhfuil an t-athrú aeráide fíor? (Leid: agus é ag caint faoin ghás agus faoin ola atá thíos faoin Artach, dúirt sé Drill, baby, drill! )

Cé a bheadh ann?

Pic le NextNewMedia / Shutterstock.com


Cén fáth, dar leat, nach bhfuil daoine áirithe sásta éisteacht leis na heolaithe uilig fud fad an domhain a chruthaigh go bhfuil an t-athrú aeráide fíor?


Le déanamh

Déan turgnamh simplí eolaíochta lena chruthú go leánn oighear níos gasta nuair a bhíonn an teocht ag ardú. Smaoinigh ar na rudaí a bheidh de dhíth ort don turgnamh seo, an dóigh a ndéanfaidh tú é agus an dóigh a léireoidh tú do chuid torthaí. Thiocfadh libh bheith ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga.



meas