Paráid na bpláinéad

Dé Céadaoin, an 26ú Feabhra 2025


Cad é a fheiceann tú nuair a amharcann tú in airde sa spéir oíche gheal? Taobh amuigh den Ghealach, bíonn na réaltaí le feiceáil, ar ndóigh, agus déanann cuid acu cineál de phictiúr sa spéir, an Céachta, mar shampla. Tá go leor de na ‘pictiúir’ seo sa spéir agus tugtar réaltbhuíonta orthu.

(Réaltbhuíonta)

Ach tá rud amháin fíor faoi na réaltaí sa spéir. Feicimid iad san áit chéanna gach oíche – ní hé nach mbíonn siad ag bogadh ach tá siad chomh fada sin ar shiúl nach bhfeicimid iad ag bogadh! Níl an scéal céanna fíor faoi na pláinéid. Na pláinéid is féidir linn a fheiceáil, tá siad uilig sa Ghrianchóras. Is cineál de theaghlach beag iad ag an Ghrian! Cionn is go bhfuil siad chomh cóngarach dúinn, is féidir linn an dóigh a mbogann siad a fheiceáil. Gach oíche, bíonn siad in áit dhifriúil sa spéir.

Na pláinéid de réir méide

Má tá spéis agat sna pláinéid, beidh seans agat iad uilig a fheiceáil le chéile an tseachtain seo. Ní minic a tharlaíonn seo agus ní tharlóidh sé arís go dtí an bhliain 2040! Beidh ceithre cinn de na pláinéid – Mearcair, Véineas, Mars agus Iúpatar – le feiceáil le do dhá shúil féin agus beidh Satarn le feiceáil go híseal ag bun na spéire. Beidh teileascóp, nó déshúiligh, de dhíth le hÚránas agus Neiptiún a fheiceáil.

Déshúiligh

Má tá tú ag iarraidh iad uilig a fheiceáil, beidh oíche gheal de dhíth. Ar an dea-uair, tá aimsir gheal tuartha do chuid mhaith den tír ón Chéadaoin go dtí an Aoine. Beidh ort bheith amuigh go díreach ag luí na Gréine le Mearcair agus Satarn a fheiceáil, sin thart ar chúpla bomaite go dtí a sé. Fan go dtí go mbeidh luí na gréine ann agus NÁ hamharc ar an Ghrian riamh! 

Luí na gréine

Beidh Mearcair agus Satarn ag bun na spéire ag an am seo agus imeoidh siad as radharc go luath. Mar sin de, beidh sé níos fusa iad a fheiceáil má bhíonn tú ar chnoc nó áit ard, seachas i lár an bhaile. Más féidir leat duine fásta a fháil le cuidiú leat, is fiú éalú ó shoilse an bhaile agus áit dhorcha a fháil. Ádh mór ar an fhaire!

Iúpatar


Le déanamh:

Foghlaim tuilleadh faoin Ghrianchóras anseo.


Cé go bhfuil na pláinéid níos cóngaraí ná mar atá na réaltaí, tá siad féin i bhfad ar shiúl, na milliúin nó na billiúin ciliméadar ar shiúl. Faoi láthair, tá Mars thart ar 126 milliún ciliméadar ar shiúl, mar shampla. Tá Elon Musk ag caint ar dhul go Mars. Déan liosta de na rudaí a bheadh de dhíth ort dá mbeifeá féin ar bord eitilt go Mars. Cuir an liosta seo i gcomparáid leis an duine in aice leat. An bhfuil an dá liosta mar an gcéanna? Ar fhág duine ar bith agaibh rud tábhachtach as an liosta?


meas