Fómhar an Cheo

Dé Máirt, an 25ú Feabhra 2025


Is dócha gur chuala sibh iomrá roimhe ar an téarma “baint an fhómhair” - nuair a bhíonn na feirmeoirí gnóthach ag baint na mbarr ón talamh, le linn shéasúr an fhómhair, de ghnáth. Bíonn feirmeoirí na tíre seo ag brath ar an aimsir a bheith measartha te agus grianmhar sa samhradh le cuidiú leis na barra fás. Ar ndóigh, bíonn siad ag brath ar an fhearthainn fosta. Tá clú agus cáil ar Éirinn as a bheith glas agus torthúil mar thír.

(gort lán eorna, in Éirinn, agus an barr beagnach réidh le baint)


Ach, cad é mar a bhíonn an saol i dtíortha eile nach bhfuil chomh torthúil céanna? Agus cad é a dhéanann daoine nuair nach mbíonn mórán fearthainne acu? Bheadh sé iontach deacair barra a fhás gan mórán uisce, ar ndóigh. Ní hamháin sin, gan mórán fearthainne, ní bheadh a lán uisce ar fáil ag daoine le húsáid ina dtithe don ól, don níochán, srl. Samhlaigh bheith beo i ngaineamhlach! Cad é mar a bheadh an saol agat ansin?

(Gaineamhlach Atacama i Meiriceá Theas, áit a dtiteann níos lú ná 1mm fearthainne, de ghnáth, in aghaidh na bliana.)


Creid é nó ná creid, maireann daoine i nGaineamhlach Atacama. Tá cathair ann go fiú ar a imeall, Alto Hospicio. Tá Alto Hospicio sa tSile agus tá sé ar cheann de na háiteanna is tirime ar domhan. Maireann na mílte duine sa chathair sin, ach níl uisce reatha sa teach ach ag fíorbheagan acu.

(Alto Hospicio ón aer - grianghraf le Paodurang, CC by-SA 3.0, trí choimíneacht Wikimedia)


Ós rud é go bhfuil an chathair seo ar imeall Ghaineamhlach Atacama, níl aibhneacha ná lochanna ar bith cóngarach di. Cá bhfaigheann muintir na cathrach seo uisce mar sin? Bhuel, tagann leoraithe isteach go dtí an chathair gach lá agus iad líonta le huisce.

(leoraithe a bhíonn ag iompar uisce)


Ach anois, tá plean eile ag eolaithe na Sile le teacht ar uisce do mhuintir na cathrach. Mar a deir an seanfhocal, “Múineann gá seift”. Tá siad ag fiosrú an mhéid uisce is féidir leo a bhailiú ón cheo.


Ní thiteann a lán fearthainne sa ghaineamhlach, ach bíonn ceo ann go measartha minic mar go bhfuil an gaineamhlach suite idir na sléibhte agus an cósta. Bíonn braonta beaga bídeacha d’uisce sa cheo, ach ní bhíonn siad fuar go leor le bailiú le chéile le titim mar fhearthainn ar an talamh.

(Bíonn braonta fearthainne níos mó agus níos troime ná braonta ceo.)


Ach, d’oibrigh eolaithe amach tamall de bhlianta ó shin gur féidir leo na braonta uisce sa cheo a bhailiú ar líontán sreinge. Agus rinne siad mórthriail ar feadh bliana i gcathair Alto Hospicio lena fhiosrú an féidir leo go leor uisce a bhailiú ón cheo.

(líontán sreinge beag - grianghraf le Nicole Saffie, trí choimíneacht Wikimedia, CC by-SA 2.0)


Deir na heolaithe anois gur leor 17,000 m² de líontán sreinge le 300,000 lítear d’uisce a tháirgeadh. Is ionann sin agus 30 lítear uisce an duine do 10,000 duine gach seachtain. Ach beidh go leor oibre eile de dhíth go fóill le píobáin a chur isteach faoin talamh agus córas ceart leis an uisce a bhailiú agus a dháileadh amach ar fud na cathrach.


Le plé nó le déanamh

💭 Ar mhaith leat maireachtáil in Alto Hospicio? Mínigh do fhreagra. Cad é mar a bheadh an saol do pháiste in Alto Hospicio difriúil le do shaol féin, dar leat?

💭 Cad é do bharúil féin ar an phlean seo chun uisce a bhailiú ón cheo?

💭 Aimsigh an tSile agus Gaineamhlach Atacama ar léarscáil an Domhain.

💭 Oibrigh amach an fad agus an leithead de dhronuilleog ina mbeadh achar de 17,000m². An féidir an t-achar seo a mharcáil i gclós na scoile, nó an bhfuil níos mó spáis de dhíth?

💭 I do bharúil, an mór againn in Éirinn luach an uisce? An dtuigeann muid an tábhacht atá le huisce inár saol?

💭 Déan taighde ar líne lena fhiosrú an méid uisce a úsáideann tú féin in aghaidh na seachtaine, nó an gnáthmhéid a úsáideann daoine in Éirinn. An bhfuil mórán sa difear idir an méid sin agus an méid a bhíonn le húsáid ag muintir Alto Hospicio? Cad é do bharúil ar an difear sin?



meas