Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Gach aon bhliain, bíonn comórtas mór ann le ‘Grianghrafadóir Faoi Uisce na Bliana’ a aimsiú. I mbliana, tháinig 6750 iontráil isteach – seo thíos cuid de na grianghraif ab fhearr.
Alvaro Herrero (Mekan)/UPY 2025
Seo an grianghraf a bhain an comórtas ar fad. Is grianghrafadóir as an Spáinn darb ainm Alvaro Herrero a thóg é. Seo míol mór dronnach agus an t-óg s’aici ag snámh suas go dromchla na farraige le hanáil a tharraingt, an chéad rud ar maidin. ‘Tchí muid bolgáin ag teacht amach as an mhíol mhór óg, b’fhéidir go bhfuil sé go fóill ag foghlaim an dóigh le smacht a choinneáil ar an análú,’ arsa Alvaro. Tógadh an grianghraf seo i ndeisceart an Aigéin Chiúin.
David Alpert/UPY2025
Léiríonn an grianghraf seo nach gcaithfidh tú dul chuig an taobh eile den domhan le pictiúr maith a fháil faoin uisce. Tógadh an pictiúr seo de rón fiosrach amach ó chósta theas Shasana. Tá go leor de na rónta seo le fáil amach ó chósta na hÉireann.
Ruruka/UPY 2025
Tógadh an grianghraf seo i bpluais in Cancun, Meicsiceo. Thaistil an grianghrafadóir 2,000 míle ón Choiré leis an ghrianghraf a thógáil agus d’fhan sé go dtí an séasúr fliuch, le go ndéanfadh an fhearthainn na dathanna in uisce na pluaise níos fearr!
Abdulaziz Al Saleh/UPY 2025
D’fhan an grianghrafadóir cúpla seachtain le pictiúr foirfe a fháil de na camaill seo ag ól amach as tobar i gCuáit. (D’fhág sé an ceamara faoin uisce agus d’úsáid sé cianrialtán leis an phictiúr a thógáil.)
Shunsuke Nakano/UPY 2025
Tógadh an grianghraf seo sa tSeapáin. Seo dhá iasc cheann caorach fhireanna ag troid mar gheall ar ghrúpa d’éisc cheann caorach bhaineanna. Beidh an buaiteoir ábalta fanacht agus beidh ar an chaillteoir imeacht leis agus grúpa eile de bhaineannaigh a aimsiú.
Robert Lehmann/UPY 2025
Thug an grianghrafadóir ‘Ceann amháin as 200,000’ ar an ghrianghraf seo. Is siorc tíograch é seo. Tá jab iontach tábhachtach ag an siorc tíograch i bhfarraigí an domhain ach gach bliain, maraíonn daoine thart ar 200,000 siorc tíograch mar seo. ‘Nuair a mharaímid siorc mar seo, déanaimid dochar don fharraige, agus déanaimid dochar dúinn féin nó bímid uilig ag brath ar an fharraige, bealach amháin nó bealach eile,’ arsa Robert. Deir Robert go gcuireann sé an-bhrón air nuair a thógann sé pictiúir mar seo.
Seo thíos rogha eile de na grianghraif a cuireadh isteach ar an chomórtas…
📷 Thug na moltóirí an chéad áit don ghrianghraf de na míolta móra dronnacha ag barr an ailt seo. An aontaíonn tú leis an rogha s’acu nó an fearr leatsa pictiúr eile? Mínigh do fhreagra.
📷 Cad é mar a mhothaigh tú faoin phictiúr de na hiascairí agus an siorc marbh nó faoin phictiúr den turtar marbh? Ar cheart dúinn na pictiúir sin a thaispeáint daoibh? Cén fáth?
📷 Sa lá atá inniu ann, bíonn teacht i bhfad níos fusa againn uilig ar cheamaraí maithe nó tá siad againn sna gutháin agus sna táibléid s’againn. Ar thóg tusa pictiúr maith den dúlra riamh nó ar mhaith leat ceann a thógáil? Ba bhreá linn é a fheiceáil!