Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí rí-rá agus ruaille buaille ann i nDáil Éireann Dé Céadaoin seo caite mar gheall ar rud a dúirt an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín, i nGaeilge. Bhí an Taoiseach ag caint faoin Teachta Dála Mary-Lou McDonald nuair a dúirt sé, ‘Tá an Teachta Dála ag insint bréag arís’.
Éist le caint an Taoisigh i nDáil Éireann
An rud atá ann, tá rialacha speisialta sa Dáil faoin dóigh a labhraíonn tú le Teachtaí Dála eile. Níl cead agat a rá go bhfuil duine ar bith mí-ionraic. Tá cead agat a rá nach bhfuil an rud a dúirt an duine fíor, ach níl cead agat a rá gur ‘bréagadóir’ aon duine de na Teachtaí Dála, nó i ndeireadh na dála, is duine mí-ionraic é bréagadóir.
Níl cead agat bréagadóir a thabhairt ar dhuine ar bith taobh istigh de Dháil Éireann
An dóigh a n-oibríonn Dáil Éireann ná go mbíonn na Teachtaí Dála ón Rialtas ar thaobh amháin agus na Teachtaí Dála ón Fhreasúra ar an taobh eile. Bíonn an Ceann Comhairle sa lár. Seo Teachta Dála a bhfuil jab speisialta aige nó aici – sa chás seo, is bean atá ann, darb ainm Verona Murphy.
Tá an Ceann Comhairle mar a bheadh réiteoir ann, caithfidh sí a chinntiú nach mbriseann duine ar bith rialacha na Dála. An fhadhb a bhí ann sa chás seo – den chéad uair riamh ó bunaíodh an Stát, níl Gaeilge ar bith ag an Cheann Comhairle agus níor thuig sí an rud a dúirt an Taoiseach!
Ceannaire an fhreasúra, Mary-Lou McDonald
An Ceann Comhairle, Verona Murphy
An Taoiseach, Micheál Ó Máirtín
Dúirt páirtí Mary-Lou McDonald, Sinn Féin, go gciallaíonn ‘bréag’ rud nach bhfuil fíor, a deir tú d’aon turas – rud a fhágann gur bréagadóir thú. Mar sin de, dar leo gur bhris an Taoiseach na rialacha. Dúirt siad, fosta, gur labhair an Taoiseach i nGaeilge d’aon turas mar go raibh a fhios aige nach dtuigfeadh an Ceann Comhairle a chuid cainte. D’iarr siad ar an Taoiseach leithscéal a ghabháil leis an Teachta McDonald.
An focal bréag san Fhoclóir Bheag ar teanglann.ie
An tseachtain seo, scríobh an Taoiseach litir chuig an Cheann Comhairle inar dhúirt sé nach mbeadh sé sásta leithscéal a ghabháil. Dúirt an Taoiseach nár thug sé bréagadóir ar Cheannaire Shinn Féin agus nár dhúirt sé ach nach raibh an méid a dúirt sise fíor, mar, má amharcann tú sna foclóirí, go gciallaíonn ‘bréag’ falsehood i mBéarla.
Luaigh sé seanfhoclóir Gaeilge, go fiú, Foclóir an Duinnínigh, ó 1927. Dúirt sé gurbh é seo foclóir órga na nGael agus go bhfuil focal eile san fhoclóir a chiallaíonn lie – éitheach. Níl muid cinnte, áfach, ar scipeáil sé thar na leathanaigh B san fhoclóir chéanna – amharc duit féin!
Foclóir an Duinnínigh – tháinig sé amach in 1927 agus tá sé iontach suimiúil
An focal éitheach – sa seanchló Gaeilge ar lch 406, ach ar chuardaigh an Taoiseach an focal bréag san fhoclóir chéanna?
An é nach bhfuil an méid a dúirt an Taoiseach fíor?
Le plé agus le déanamh
🤥 Tá cead ag Teachtaí Dála Gaeilge a labhairt i rith an ama i nDáil Éireann, más mian leo, ach níl Gaeilge ag an Cheann Comhairle. An bhfeiceann tú fadhb ansin? Mínigh do fhreagra.
🤥 Cad chuige, dar leat, a bhfuil an riail sin ann sa Dáil – nach bhfuil cead agat a rá go bhfuil duine eile mí-ionraic? An síleann tú gur riail mhaith é? Cén fáth?
🤥 An síleann tú féin go bhfuil difear idir bréagadóir a thabhairt ar dhuine agus a rá go bhfuil an duine ag insint bréag? Mínigh do fhreagra.
🤥 Úsáid na foclóirí atá sa rang nó na foclóirí atá ar fáil ar líne (teanglann.ie nó focloir.ie) agus úsáid do chiall féin mar Ghaeilgeoir – cad é do bharúil féin ar mhíniú an Taoisigh – an bhfuil sé fíor a rá nach gciallaíonn bréag ‘lie’? Cad é ba cheart don Taoiseach a rá?
Dáil Éireann – áit a dtagann na Teachtaí Dála i deisceart na tíre le chéile
Tá cúpla ciall leis an fhocal Dáil agus leis an fhocal Comhairle (amharcaigí sna foclóirí!) ach ciallaíonn siad beirt teacht le chéile daoine nó cruinniú daoine.
Mar sin, ciallaíonn ‘an Dáil’ an cruinniú mór tábhachtach agus ciallaíonn Ceann Comhairle an duine atá i mbun an teacht le chéile.