Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Páistí ag léirsiú ag an Dáil
Ní minic a fheictear páistí scoile amuigh ag léirsiú ar na sráideanna. De ghnáth, bíonn daltaí scoile istigh sa seomra ranga ag déanamh ceachtanna. Ach, in amanna, bíonn níos mó le foghlaim taobh amuigh.
Bhí thar 100 páiste ó 5 scoil ag léirsiú an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath. Bhí siad ag iarraidh dáta d’iar-bhunscoil nua don cheantar s’acu. Is Gaelscoileanna iad na 5 scoil seo agus déanann siad gach rud trí Ghaeilge, cosúil le do scoil féin. Ach níl aon áit le dul acu i ndiaidh na bunscoile, más maith leo oideachas trí Ghaeilge a bheith acu. Tugtar Gaelcholáiste ar an chineál sin scoile.
Gheall an rialtas scoil nua i mí Mheán Fómhair anuraidh agus dúradh go mbeadh sí ag oscailt i mí Mheán Fómhair 2026. Ach tá eagla ar dhaoine anois nach n-osclóidh sí ar an dáta seo mura ndéantar an obair anois. Ciallaíonn sé seo go mbeidh bliainghrúpa eile de pháistí ag imeacht as Gaelscoil agus ag dul chuig scoil Bhéarla.
Bhí an léirsiú ar siúl ag Teach Laighean, an áit a bhfuil an Dáil. Tagann Teachtaí Dála le chéile sa Dáil agus déanann cuid acu rialtas. Tháinig rialtas nua i gcumhacht i mí Eanáir agus is é Mícheál Martin an Taoiseach. Cé go raibh fearg ar na páistí, bhí greann ann chomh maith. Bhí cártaí Vailintín acu a bhronn siad ar an Aire Oideachais, Helen McEntee, ag iarraidh uirthi rud a dhéanamh láithreach leis an Ghaelcholáiste a fhorbairt.
An Taoiseach, Mícheál Martin
Chomh maith lena gcás a chur, d’fhoghlaim na páistí ceacht faoin daonlathas chomh maith. Tugann an daonlathas guth do gach duine an rialtas a thoghadh. Má mhothaíonn daoine, áfach, nach bhfuil an rialtas ag éisteacht, tá cead acu gearán a dhéanamh agus a gcás a thógáil. Tugtar ‘feachtas’ air seo. Seo iad cuid de na dóigheanna le feachtas a reáchtáil:
Ardú feasachta: póstaeir agus eolas a chur amach le daoine eile a chur ar an eolas faoin chuspóir atá agat
Stocaireacht: labhairt le daoine tábhachtacha le dul i bhfeidhm orthu, polaiteoirí, mar shampla
Léirsiú: mórshiúl nó taispeántas poiblí a dhéanamh lena chur in iúl don domhan go bhfuil tacaíocht ag an fheachtas
Le déanamh:
An mothaíonn tú go láidir faoi rud ba mhaith leat a athrú? Déan cur síos air agus smaoinigh ar na dóigheanna ar féidir leat dul i bhfeidhm ar dhaoine leis an cheist a thógáil. An chéad rud, smaoinigh ar cén dream ar mhaith dul i bhfeidhm orthu, an scoil, mar shampla, nó an chomhairle áitiúil. Ina dhiaidh sin, smaoinigh ar na rudaí is féidir a dhéanamh le rud a fháil déanta. Úsáid an liosta, Ardú feasachta, Stocaireacht agus Léirsiú.
Amharc ar na póstaeir atá ag na páistí sa léirsiú. Cum póstaer do Ghaelcholáiste nua nó do chúis eile a mothaíonn tú láidir faoi.
Pictiúr:
Mícheál Martin: Alexandros Michailidis / Shutterstock.como.