Lá Fhéile Valaintín

Dé Máirt, an 11ú Feabhra 2025

Bíonn Lá Fhéile Vailintín atá ann ar an 14ú Feabhra. Sin an lá a mbíonn daoine ag ceiliúradh an ghrá! Cuireann daoine cártaí agus bláthanna chuig a chéile. Gach bliain caithimid na milliúin euro ar chártaí, ar sheacláidí agus ar bhronntanais don lá speisialta seo. Ach cén fáth agus cén tslí ar thosaigh na nósanna grámhara seo?

Cuireann daoine cártaí chuig a chéile ar Lá Fhéile Valaintín

Naomh Valaintín


Bhí Vailintín ina shagart sa Róimh thart ar an bhliain 496 AD. Rinneadh naomh de. Cuireadh Naomh Vailintín sa phríosún as Críostaithe a phósadh. Ní raibh cead ag Críostaithe pósadh san am seo sa Róimh. Deirtear gur ghnách leis croí a thabhairt do Chríostaithe le grá Dé a chur i gcuimhne dóibh. Tá scéal ann gur thug sé leigheas do bhean agus é sa phríosún. Scríobh sé litir chuici agus shínigh sé í ‘Ó do Vailintín’ ag bun na litreach. Thosaigh an nós mar sin sna 1800í litreacha a chur chuig a chéile agus croíthe orthu. San Eoraip, thug daoine a bhí i ngrá eochair dá chéile, leis an chroí a oscailt. Inniu tugann daoine cártaí Vailintín dá chéile. Faoi na 1900í bhí monarchana ann a bhí ag déanamh cártaí Vailintín.

Bhí Naomh Valaintín ina shagart sa Róimh.


Tá traidisiúin agus nósanna eile ann a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín, cuid acu measartha aisteach. Bhí daoine ann a chreid go bpósfadh siad an chéad duine a d’fheicfeadh sin an lá sin. Bhí nós ann freisin ainmneacha a chur i mbabhla agus gur phioc daoine amach ainm an duine a phósfadh siad. Bhí orthu an t-ainm sin a chur ar a muinchille ar feadh seachtaine!

An gcuirfidh tusa Cárta Valaintín i mbliana?


San Fhionlainn agus san Eastóin, tá Lá Cairde acu in áit lá don ghrá. Is lá é seo nuair a bhíonn cuimhne ag cairde ar a chéile.

Lá na gcairde


 


 


 



meas