Cumhrán Prátaí

Déardaoin, an 13ú Feabhra 2025


De ghnáth, bíonn boladh bláthanna, nó a leithéid, ar chumhrán


De ghnáth, bímid ag dúil le boladh deas cumhra ó chumhrán. Mar shampla, boladh deas róis nó citris nó labhandair. Fud fad na hÉireann inniu, beidh na siopaí cumhráin iontach gnóthach ar fad nó is maith le daoine cumhrán a thabhairt mar bhronntanas ar Lá Fhéile Valaintín. Bhur mbarúil, áfach, an gceannóidh aon duine an cumhrán Frîtes? Is cumhrán Meiriceánach é agus tá boladh sceallóg air!

Cumhrán a bhfuil boladh prátaí uaidh!


Chruthaigh comhlacht in Idaho, Meiriceá an cumhrán. Thug siad an t-ainm ‘Frîtes’ air nó is é frîtes an focal Fraincise atá ar sceallóga. Is dócha gur aontaíodh gurbh fhearr sin mar ainm nó cé a bheadh ag iarraidh cumhrán darb ainm ‘Chips’ nó ‘French-fries’ a chaitheamh! Rinneadh an cumhrán as sú prátaí ón cheantar máguaird agus as blátholaí dúchasacha Idaho leis an bholadh is ansa le cuid mhór daoine a chruthú.

Is breá le cuid mhór daoine boladh na sceallóg…ach mar chumhrán?


Bhí an-ráchairt ar an chumhrán nuair a cuireadh ar díol é i Meiriceá. Is ar líne amháin a bhí sé ar díol agus bhí fiú comórtas ann ar Instagram agus buidéal den chumhrán mar an chéad duais.

Cé gur breá leis na hÉireannaigh a gcuid prátaí, níl mé iomlán cinnte cé acu ba mhaith linn bheith ag dul thart agus muid ag bolú mar a bheadh pláta sceallóg ann! Ach is glasra é an práta atá iontach ilúsáideach ar fad, seo chugaibh sampla de chúig bhealach dhifriúla inar féidir práta a úsáid!

Is breá leis na hÉireannaigh a gcuid prátaí

Íomhá le Alexa trí Pixabay


Bainne

Sa lá atá inniu ann, déantar bainne as leithéidí almóinní, coirce, cnónna cócó, piseanna…agus is é an práta an t-ábhar déanta bainne is déanaí! Tá sé furasta prátaí a fhás agus, mar sin de, rinneadh bainne práta mar ábhar malartach eile nach ndéanfaidh aon dochar don timpeallacht.

Bainne prátaí – ar mhaith leat seo a dhoirteadh ar do chalóga arbhair ar maidin?


Málaí


Ní málaí lán de phrátaí atá i gceist anseo ach málaí atá déanta as prátaí! Bhuel, as stáirse prátaí, le fírinne. Is málaí in-bhithmhillte iad na málaí atá déanta as stáirse prátaí. Nuair a chuirtear na málaí seo ar charn múirín, ní thógann sé an oiread sin ama dóibh lobhadh, thart ar 3 mhí, rud nach bhfuil amhlaidh leis na málaí plaisteacha, a thógann na céadta bliain! Tógann sé thart ar 6 mhí ar na málaí atá déanta as stáirse prátaí lobhadh. 

Tógann sé na céadta bliain ar ghnáthmhálaí plaisteacha lobhadh 


Cadhnraí

Is féidir le roinnt torthaí agus glasraí leictreachas a sheoladh – prátaí san áireamh! Nuair a cheangail eolaithe éirimiúla leictreoidí de phráta mar chuid de chiorcad, d’aimsigh siad go raibh an ciorcad sin foirfe mar gur fheidhmigh an práta mar chadhnra. Bhí an ciorcad ábalta go leor cumhachta a chruthú le huirlisí beaga leictreacha a chur ag obair, mar shampla, bolgán solais a lasadh!


Faisean

Déanann comhlacht darb ainm ‘Chip Board’ réimse earraí as craicne prátaí. Déanann siad bithphlaisteach astu darbh ainm Parblex ar féidir é a úsáid le cnaipí nó spéaclaí a dhéanamh!

Parblex – thiocfadh leat spéaclaí a dhéanamh as (Pic le Chipsboard.com)

Éadaí déanta as Parblex (Pic le Chipsboard.com)


Brioscáin Phrátaí

Táimid ag ithe brioscáin phrátaí ó bhí an 19ú haois ann, mar sin de, ní hiontas ar bith é an brioscán práta a bheith ar an liosta! Níl comhaontú ann faoi cé acu náisiún a chéadsmaoinigh ar shlisíní rí-thanaí práta a dhomhainfhriochadh ach tá ár mbarúil féin againn in oifigí NuachtAnois! Itear thart ar 1.3 milliún mála de bhrioscáin phrátaí gach lá in Éirinn agus itear 68kg prátaí in aghaidh an duine sa bhliain! Is cinnte gur breá linn ár bpráta beag féin!

Pic le Tayto


Le plé agus le déanamh:

🥔 Bhí clú ar na hÉireannaigh le fada gur ith muid cuid mhór prátaí ach an síleann tú go bhfuil na nósanna itheacháin s’againn i ndiaidh athrú? An itheann Éireannaigh an lae inniu níos mó ríse agus pasta. Déanaigí plé ranga, labhair leis na daoine sa bhaile. An bhfuil difear anois idir nósanna itheacháin na ndaoine óga agus nósanna itheacháin na ndaoine níos sine in Éirinn? 

🥔 Tá cuid mhór bealaí éagsúla ann le práta a chócaráil. An féidir libh teacht ar 10 mbealach agus liosta a dhéanamh díobh?


meas