Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar éist tú leis an raidió ar na mallaibh? Nó an bhfaigheann tú do chuid eolais uilig faoin Domhan ó do ghuthán nó ó ríomhaire? An bhfuil úsáid ar bith leis an raidió sa lá inniu agus gach duine ceangailte den idirlíon?
Ar an drochuair, níl gach duine ar domhan ceangailte den idirlíon agus tá áiteanna iargúlta ar fud an Domhain nach bhfuil ceangal idirlín ann ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, thiocfadh dó go mbeadh an t-idirlíon contúirteach chomh maith mura mbíonn meas ag gach duine ar a chéile.
Tá tábhacht faoi leith ag an raidió, mar sin, agus aithníonn na Náisiúin Aontaithe sin nó rinne siad lá speisialta dó – Lá Domhanda an Raidió, a bheas ann amárach, an 13ú Feabhra.
Ar bhealach, thiocfadh leat an difear idir an raidió agus an t-idirlíon a chur i gcomparáid leis an difear idir carr agus rothar. Tá an t-idirlíon cosúil le carr. Bíonn carranna gasta agus thig leo dul ar thuras fada. Ach bíonn tú ag brath ar dhaoine eile i rith an ama. Is gá peitreal nó díosal a cheannach don charr nó bíonn ort é a phlugáil isteach le luchtú. Ma bhriseann sé síos, bíonn ort é a thabhairt chuig meicneoir, nó fios a chur ar an mheicneoir má stopann sé de bheith ag bogadh ar chor ar bith. Bíonn an t-idirlíon ag brath ar ríomhaire agus caithfidh tú íoc as seirbhísí wifi nó gutháin.
Tá an raidió níos cosúla le rothar. Ní gá breosla ar bith a cheannach don rothar agus má bhriseann sé síos, bíonn sé measartha furasta é a dheisiú. Mar an gcéanna le rothair, bíonn raidiónna níos saoire a cheannach mar ní ghlacann siad mórán cumhachta. Tá raidiónna ann anois is féidir a luchtú trí hanla a chasadh, rud atá úsáideach in áiteanna iargúlta.
(Níl cadhnraí de dhíth ar an raidió seo - níl de dhíth ach an hanla a chasadh.)
Tá buntáistí eile leis an raidió. Bíonn sé measartha saor cláir a dhéanamh agus, mar sin de, is féidir leis an raidió freastal ar an phobal áitiúil. Agus má fhreastalaíonn sé ar an phobal, beidh meas agus muinín ag an phobal as. Má bhíonn tú ag caint ar an raidió, is cuma cad é an chuma atá ort nó cén dath atá ar do chraiceann nó cad iad na héadaí a chaitheann tú. Díríonn daoine aird ar an rud a deir tú ar an raidió níos mó ná mar a dhéantar ar an teilifís. Agus ní gá duit bheith ábalta scríobh. Níl de dhíth ach do ghuth agus do chuid smaointe.
(Is féidir le daoine in áiteanna iargúlta éisteacht leis an raidió.)
Le déanamh:
📻 I ngrúpa, déan taifeadadh ar phíosa nuachta a bhfuil suim ag gach duine sa ghrúpa ann. Ansin, cuir gach podchraoladh le chéile le clár raidió a dhéanamh.
📻 Pléigh éagsúlacht an ábhair a phléigh gach grúpa. Thiocfadh leat ceisteanna mar seo a leanas a chur ar a chéile. Cad iad na cineálacha difriúla ábhair a chlúdaigh sibh agus cé hiad na grúpaí éagsúla lena mbaineann na hábhair sin? An gcluintear iad ar an raidió faoi láthair? Cén dóigh a dtiocfadh linn guth a thabhairt do gach grúpa?
📻 Mar rang, déanaigí plé ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann leis an raidió
📻 Cad iad na seirbhísí a thugann an raidió don phobal. Cuir iad i liosta, an ceann is tábhachtaí ar dtús.
(Stiúideonna Raidió Fáilte i mBéal Feirste.)
📻 B’fhéidir go bhfuil tú cleachta le stáisiúin raidió Bhéarla ach an raibh a fhios agat go bhfuil go leor roghanna Gaeilge ar na haerthonnta (agus ar líne) –
Raidió Fáilte (Béal Feirste)
Raidió na Gaeltachta (ar fud na tíre)
Raidió na Life (Baile Átha Cliath)
Raidió Rí-Rá (ar fud na tíre)
Is féidir éisteacht leis na staisiúin seo ar fad ar líne agus tú áit ar bith ar domhan!