Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar chuala tú iomrá riamh ar Charles Dickens? Seans nár chuala, nó fuair sé bás breis agus céad caoga bliain ó shin. (Mhair sé ó 1812 - 1870). Ach, ba dhuine clúiteach é lena linn, agus is dócha gur chuala tú ainm nó dhó den iliomad leabhar agus scéalta a scríobh sé, mar shampla Oliver Twist.
(Seanstampa ag léiriú píosa de scéal Oliver Twist. Pictiúr le Manuel Esteban trí Shutterstock.)
Scéal réabhlóideach a bhí in Oliver Twist. Sa leabhar sin, d’inis Charles Dickens scéal faoi ghasúr bocht, darbh ainm Oliver. Bhí saol iontach crua ar fad ag Oliver Twist. Ní hamháin go raibh sé bocht, ach dílleachta a bhí ann chomh maith. Mhair sé i dteach na mbocht - áit chruálach, cosúil le príosún, cé nach raibh rud ar bith contráilte déanta aige.
(Pictiúr de ghasúr gan dídeán ina chodladh ar an tsráid san am sin.)
Ní raibh airgead ar bith ag Oliver agus sin an fáth a raibh sé i dteach na mbocht. An t-aon dóigh amháin le fáil amach as teach na mbocht ná éalú, nó bheifeá ansin go deireadh do shaoil. Ní hionann is an príosún, níor tháinig deireadh le do thréimhse i dteach na mbocht! D’éirigh le Oliver éalú agus insíonn an leabhar dúinn faoi na heachtraí uilig a tharlaíonn dó go dtagann críoch shona ar a shaol dheacair.
(Téann Oliver ó Theach na mBocht go teach saibhir ar deireadh.)
Sa 19ú haois, bhí saol thar a bheith deacair ag na daoine bochta. Ach roimh Charles Dickens, níor scríobh údar ar bith eile faoin saol brónach a bhí ag na daoine sin. D’athraigh Charles Dickens sin ar fad. Bhain gach leabhar agus gearrscéal a scríobh sé le saol na ngnáthdhaoine. Léirigh sé cé chomh plódaithe suarach agus a bhí a dtithe, chomh crua agus a bhí na jabanna a bhí acu. Bhí Dickens ag iarraidh a thaispeáint don uasalaicme gur daoine daonna a bhí sna bochtáin chomh maith.
(Bhí na daoine bochta plódaithe lena chéile ar na cúlsráideanna i ndrochthithe. Bhí sé salach agus míshláintiúil dóibh. Pictiúr trí Wikimedia Commons)
Léirigh roinnt de na scéalta a scríobh Charles Dickens go dtiocfadh le daoine saibhre éirí bocht chomh maith. Ansin, bheadh orthu streachailt tríd an saol deacair sin fosta. An teachtaireacht a bhí ina scéalta ná ba cheart don uasaicme níos mó a dhéanamh le cuidiú leis na daoine bochta.
(Bhí an saol go deas do na daoine saibhre, ach d'fhéadfadh siad críochnú go bocht freisin i scéalta Dickens. Pictiúr le Podolnaya Elena trí Shutterstock.)
Sa lá atá inniu ann, cuidíonn an rialtas nó an stát le duine ar bith nach bhfuil go leor airgid aige nó aici le bia a cheannach nó má bhíonn sé/sí tinn. Ach, san am inar mhair Charles Dickens, ní raibh cuidiú ar bith mar sin ann. Mura raibh airgead ar bith agat, ní thiocfadh leat íoc as leigheas nó dochtúir má bhí tú tinn. Is minic a d’éirigh na daoine bochta sin tinn fosta, nó ní thiocfadh leo bia a cheannach. Bhí siad fágtha ag iarraidh déirce ar na sráideanna. Ach, má tháinig an péas orthu, cuireadh i dteach na mbocht iad.
(Bíonn níos mó seirbhisí ar fáil le cuidiú le daoine sa lá atá inniu ann.)
Thuig Charles Dickens go maith cé chomh cruálach agus a bhí an saol. Rugadh é i dteaghlach measartha saibhir, ach nuair a bhí sé 12 bhliain d’aois, cuireadh a athair i bpríosún mar nár íoc sé cuid de na fiacha a bhí aige. Bhí ar Charles obair a dhéanamh i monarcha. Obair leadránach, thuirsiúil a bhí ann, ach thug sé giota airgid dá theaghlach le maireachtáil. Sa deireadh, fuair a athair amach as an phríosún agus bhí Charles ábalta filleadh ar scoil, ach ní dhearna sé dearmad riamh ar an am sin nuair a bhí sé féin agus a theaghlach bocht.
(Páistí ag obair i monarcha. Bhí an obair seo contúirteach in amanna in aice leis na meaisíní móra.)
Ceannródaí a bhí ann mar scríbhneoir. Chuir Charles Dickens daoine ag smaoineamh ar an saol mar a bhí sé, agus ar an dóigh ar cheart dó a bheith. Chuir sé brú ar an rialtas agus ar an uasaicme lena chuid scríbhneoireachta agus spreag sé athruithe sa tsochaí a chuidigh go mór leis na daoine bochta.
Le plé agus le déanamh
📚 Ar léigh tú Oliver Twist nó leabhar ar bith eile de chuid Charles Dickens riamh? Inis do do rang faoi.
📚 Déan giota taighde ar an saol san 19ú haois agus faigh amach cén sórt jabanna a bhí ag páistí ar comhaois leatsa ag an am.
📚 Ar mhaith leat bheith i do pháiste in aimsir Charles Dickens? Cad iad na rudaí nach mbeadh maith faoi mhaireachtáil san am sin? An dtiocfadh leat liosta a scríobh de na 5 rud is measa faoin saol san am sin? (Cuir do liosta in ord ardaitheach ón rud a bhí go holc go dtí an rud a bhí uafásach ar fad, dar leat. Ansin, cuir do liosta i gcomparáid le liostaí na ndaltaí eile i do rang.)
📚 Spreag Charles Dickens a chuid léitheoirí le comhbhá a léiriú do dhaoine eile. An dtiocfadh leat triail a bhaint as gearrscéal nó dráma a scríobh a spreagann daoine chun bheith cineálta le daoine eile?
📚 Scríobh tuairisc faoi shaol Charles Dickens, nó faoi cheann dá chuid leabhair.