Zombaí-dhamháin alla in Éirinn!

Dé Luain, an 10ú Feabhra 2025

Níl an zombaí-dhamhán alla sa phictiúr seo fíor – ach d’aimsigh eolaithe FÍOR-zombaí-dhamháin alla in Éirinn!


Tá eolaithe i ndiaidh teacht ar chineál fungais a thugann ar dhamháin alla a n-iompar nádúrtha a athrú. Thiocfadh leat a rá (dá mba mhaith leat bheith drámatúil faoi) go n-athraíonn an fungas na damháin alla INA ZOMBAITHE!

Fungas ag fás ar chloigeann an damháin alla – ní bhogfaidh an damhán alla seo go dtí go bhfaighidh sé bás


Tháinig daoine ar dhamhán alla a raibh an fungas seo ag fás air an chéad lá i gContae an Dúin, thiar sa bhliain 2021. D’aimsigh siad é i seomra stórais in áit darb ainm Caisleán an Easpaig. Is seomra dubh dorcha é an stóras seo. I ndiaidh dóibh an chéad damhán alla a aimsiú, chuardaigh siad damháin alla eile a raibh an fungas ag cur isteach orthu. Tháinig siad ar chúpla ceann i bpluaiseanna i gcontae Fhear Manach agus i gcontae an Chabháin. Fuair siad cuidiú ó uaimheolaí leis na pluaiseanna a chuardach. Síleann na heolaithe go dtaitníonn áiteanna fionnuara atá dubh dorcha leis an fhungas.

Duine de na heolaithe istigh sa phluais, ag cuardach na ndamhán alla agus an fhungais


Tugann an fungas ar an damhán alla imeacht amach as an pholl s’aige nó imeacht óna líontán agus fanacht amuigh in áit oscailte. Déanann an damhán alla dearmad ar gach rud eile agus fanann sé ar an bhalla oscailte nó ar an díon go dtí go bhfaigheann sé bás! Sin an fáth ar dhúirt roinnt eolaithe go raibh an damhán alla cosúil le zombaí, nó ní raibh sé ag smaoineamh i gceart.

D’fhan an damhán alla ansin go dtí go bhfuair sé bás agus gur chlúdaigh an fungas a chorp iomlán!


Fásann an fungas ar chloigeann an damháin alla agus cuireann sé ceimiceán darb ainm dopaimín isteach ina inchinn. Tugann eolaithe an ceimiceán sona sásta ar dhopaimín nó cuireann sé áthas ort. Nuair a dhéanann tú rud deas, scaoileann d’inchinn dopaimín amach – má itheann tú bia deas nó má bhaineann tú cluiche nó má deir duine rud deas fút, mar shampla. Tugann an dopaimín ort a bheith ag mothú sona sásta. 

Síleann eolaithe go bhfuil baint idir dopaimín agus daoine ag caitheamh barraíocht ama ar chluichí ríomhaire


Mar sin, nuair a mhothaíonn an damhán alla an dopaimín ón fhungas, bíonn sé sona sásta agus déanann sé dearmad ar gach rud eile! Ach cad chuige a ndéanann an fungas é seo? 

Is fungas é an múscán gorm atá ag fás ar an oráiste seo. Briseann sé an t-oráiste síos le bia a fháil


Bhuel, is rud beo é fungas ach ní planda é agus ní ainmhí é. Is fungas iad na beacáin a ithimid. Is fungas é an múscán gorm a fhásann ar arán nó ar bhia atá imithe ó mhaith. Is fungas é an giosta a úsáideann báicéirí le harán a dhéanamh.


Thig le hainmhithe a gcuid bia féin a cheapadh nó a aimsiú. Úsáideann plandaí solas na gréine lena gcuid bia féin a dhéanamh. Ach briseann fungais rudaí atá marbh síos lena gcuid bia a dhéanamh – plandaí marbha, nó adhmad nó damháin alla atá marbh, go fiú! 

Dhá dhamhán alla eile atá clúdaithe leis an fhungas


Rud eile, thig le fungais a gcuid spór a scaipeadh, le fungais nua a fhás. Tá na spóir seo cosúil le síolta beaga agus scaipeann siad tríd an aer. Mar sin, má bhíonn an damhán alla amuigh in áit níos oscailte, agus ní i bhfolach istigh ina pholl, beidh sé níos fusa ag an fhungas a chuid spór a scaipeadh chuig damhán alla eile, nuair a bhíonn sé réidh leis an chéad damhán alla.


🕷️ Ná bígí buartha – ní chuireann an fungas seo isteach ar dhaoine ar chor ar bith!


Le plé / le déanamh

🧟‍♂️ Spreagann fíorscéalta mar seo scéalta ficsin eolaíochta. An bhfuil dúil agatsa san fhicsean eolaíochta? Cén fáth?

🕷️ Bíonn eagla ar roinnt daoine roimh dhamháin alla. An bhfuil eagla ortsa roimh ainmhí ar bith?

🕷️ Smaoinigh ar na heolaithe a chuaigh isteach sna pluaiseanna ag cuardach na ndamhán alla agus an fhungais seo. Ar mhaith leatsa an post sin a dhéanamh? Cén fáth?


meas