Páirceanna Súgartha Priaclacha

Dé hAoine, an 7ú Feabhra 2025

Ciallaíonn an focal priacal riosca. Mar sin, má bhíonn na páirceanna súgartha 'priaclach', tá riosca ag baint leo. Ciallaíonn sé go bhfuil seans ann go ngortóidh tú thú féin.

Seo cuid de na rialacha sa linn snámha – cén priacal a bheadh ann le gach riail a bhriseadh?


Le tamall anuas, san Ísiltír, tá go leor páirceanna súgartha a bhfuil priacal ag baint leo i ndiaidh oscailt agus tá polaiteoirí sa tír sin ag iarraidh níos mó acu a bheith ann. An cheist atá ann, cad chuige a mbeadh daoine fásta ag iarraidh a bpáistí a chur chuig páirc shúgartha dá mbeadh priacal nó riosca ag baint leis? An é go bhfuil tuismitheoirí na hÍsiltíre cruálach?

An cuma le tuismitheoirí na hÍsiltíre sábháilteacht a bpáistí féin?


Bhuel…ní hé! Níl na páirceanna súgartha seo contúirteach. Níl miotal géar ag gobadh amach as na sleamhnáin agus ní bhrisfidh na slabhraí ar na luascáin. Is amhlaidh go bhfuil riosca éigin ag baint leis an súgradh a dhéanann na páistí iontu ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé contúirteach. Síleann na tuismitheoirí, agus na polaiteoirí, go ndéanfaidh an súgradh rioscach sna páirceanna súgartha seo maitheas do na páistí. 

Páirc shúgartha san Ísiltír

Pic le Mike van Schoonderwalt / Shutterstock.com


🪜 Seo áiteanna ina dtig le páistí dreapadóireacht a dhéanamh – ar chrainn agus frámaí dreapadóireachta.


🛠️ Bíonn áiteanna ann ina dtig le páistí uirlisí a úsáid le rudaí a dhéanamh. Casúr agus tairní a úsáid le dhá phíosa adhmaid a cheangal dá chéile agus a mbothán beag féin a dhéanamh go fiú.


⚔️ I roinnt páirceanna, bíonn na páistí ábalta bataí a úsáid agus troid claimhte bhréagach a bheith acu.


🔥 I bpáirceanna súgartha áirithe, bíonn áit ann ina dtig le páistí tine a lasadh lena gcuid bia féin a chócaráil!


Ní fhágtar na páistí leo féin leis na rudaí seo a dhéanamh, ar ndóigh – bíonn na tuismitheoirí ann le súil a choinneáil orthu agus lena chinntiú go mbíonn siad ciallmhar sábháilte.


Síleann na saineolaithe go bhfuil an súgradh rioscach tábhachtach do pháistí. Cuidíonn sé leo rioscaí agus priacail a thuiscint agus a bhainistiú. Nuair a dhéanann na páistí rud éigin dúshlánach, dreapadh go barr crainn, mar shampla, nó casúr a úsáid, éiríonn siad níos muiníní agus níos neamhspleáiche.

Deir na heolaithe go bhfuil scileanna tábhachtacha le foghlaim ón súgradh rioscach


Tá taighde ann a léiríonn go mbíonn páistí níos sláintiúla nuair a bhíonn siad ag súgradh go fisiceach amuigh faoin aer. Le blianta beaga anuas, síleann na saineolaithe go mbíonn páistí ag caitheamh níos mó ama taobh istigh, os comhair an scáileáin. Síleann siad go bhfuil sé seo ag déanamh dochair dóibh. 

Níos fearr ná am a chaitheamh os comhair an scáileáin?


Tríd níos mó spáis agus saoirse a thabhairt do pháistí le bheith ag súgradh, cuidíonn na páirceanna súgartha seo le páistí bheith níos aclaí agus níos láidre. Cuidíonn sé leo a gcorp a chomhordú níos fearr agus tugann siad deis dóibh dúshláin a shárú agus scileanna tábhachtacha a fhorbairt.

An mbeadh suim agatsa sa súgradh rioscach?


Le plé

🛝 An síleann tú féin go mbeadh páirceanna súgartha mar seo sábháilte, áit a mbeadh páistí ag dreapadh crann nó ag úsáid casúr nó ag lasadh tinte? Cén fáth?

🛝 Ar mhaith leatsa súgradh mar seo a dhéanamh? Cén fáth?

🛝 An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach do pháistí riosca a ghlacadh ó am go ham? Cén cineál riosca a bheadh maith go leor?

🛝 An síleann tú go mbíonn páistí ag caitheamh barraíocht ama taobh istigh? Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith ag súgradh taobh amuigh?

🛝 Cad iad na cluichí is fearr leatsa a imirt amuigh faoin aer? An bhfuil siad dúshlánach?

🛝 Ar cheart dúinn páirceanna mar seo a bheith againn in Éirinn? Cén fáth nó cén fáth nach bhfuil?


Le déanamh

🛝 Is ainmfhocal é priacal – is rud é. Is aidiacht é priaclach – cuireann sé síos ar rudaí a bhfuil priacal ag baint leo, nó a lán priacail i gceist leo.
Tá cúpla sampla eile san alt: dúshlán – dúshlánach agus riosca – rioscach.
An dtig leat smaoineamh ar aidiachtaí eile den chineál chéanna, a chríochnaíonn ar –ach?

🛝 Déan pictiúr de do pháirc shúgartha idéalach. Cén chuma a bheadh uirthi?


meas