Caipíní le cuidiú le cait

Déardaoin, an 6ú Feabhra 2025

Chuir na heolaithe caipín ar an chat, ach cén fáth?

Pic le hAlienor Delsart, Ollscoil Montréal


Tháinig eolaithe in Ollscoil Montréal i gCeanada aníos le cleas maith le cuidiú leo staidéar a dhéanamh ar chait atá i bpian. Chuir siad caipíní speisialta ar na cait. Bhí braiteoirí istigh sna caipíní seo. Bhí na heolaithe ábalta na braiteoirí a úsáid le scrúdú a dhéanamh ar inchinn na gcat, gan na cait a chur a chodladh ar dtús.

Braitheann nó mothaíonn braiteoirí rudaí difriúla. Tá braiteoirí ceangailte de chloigeann na mná seo


Bhí na heolaithe seo ag iarraidh braiteoirí a cheangal de chloigeann cait. Ach, fíorphictiúr é seo, samhlaigh cad é a dhéanfadh fíorchat dá mbeadh braiteoirí agus sreangacha mar seo ceangailte de…bheadh sé ag troid leo.

Mar sin, de ghnáth, bheadh ar eolaithe an cat a chur a chodladh le braiteoirí a cheangal de. Ach dá mbeadh an cat ina chodladh, ní bheadh siad ábalta a fháil amach an raibh an cat ag mothú pian ar bith. Bhí plean eile de dhíth orthu…na caipíní!


Bhí airtríteas ar na cait seo. Is sórt tinnis é seo a chuireann isteach ar na hailt idir na cnámha. Bíonn sé nimhneach nuair a shiúlann na cait agus bíonn na cnámha agus na hailt s’acu iontach righin.

Tá airtríteas ar an chat seo, bíonn sé iontach righin agus é ag iarraidh siúl




Tagann an cineál seo airtrítis ar 25% de chait agus iad níos sine. Tagann sé ar chuid mhór madaí fosta. Ach cionn is gur ainmhithe iad agus cionn is nach dtig leo labhairt linn, ní thuigimid cé chomh nimhneach is a bhíonn an t-airtríteas agus cé acu rudaí a chuidíonn leo nó nach gcuidíonn leo.

Lig an hata do na heolaithe súil a choinneáil ar ghníomhaíocht inchinne na gcat…

Pic le hAlienor Delsart, Ollscoil Montréal

Chonaic siad patrún nuair a bhí an cat i bpian agus nuair a d’oibrigh rudaí difriúla a rinne na heolaithe le cuidiú leo


Bhí na heolaithe san ollscoil ábalta na hataí a úsáid le scrúdú a dhéanamh ar inchinn na gcat, lena fheiceáil an raibh an phian níos lú nó níos mó nuair a rinne na heolaithe iarrachtaí difriúla leis an phian a mhaolú. Tá súil acu go gcuideoidh sé seo leo tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a gcuireann an t-airtríteas isteach ar na hainmhithe agus ar bhealaí difriúla le cuidiú leo.

Deir siad, fosta, go mbeidh siad ábalta an cleas céanna a úsáid le níos mó a fhoghlaim faoi na tinnis eile a thagann ar chait agus ar mhadaí.


Le plé nó le déanamh

🐈 Tugaimid tréidlia ar an dochtúir a thugann aire d’ainmhithe. Ar mhaith leatsa bheith i do thréidlia? Cén fáth?

🐈 Dá dtiocfadh leat bheith ag cuidiú le hainmhí ar bith, cén t-ainmhí a bheadh ann agus cén fáth?


Creidiúintí

meas