Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tuigimid uilig cé chomh húsáideach is atá an t-idirlíon na laethanta seo. Thig leat coinneáil i dteagmháil le daoine go furasta agus thig leat rudaí a cheannach go gasta. Agus tá a lán úsáidí eile leis. Ach ní mór dúinn bheith cúramach, chomh maith. Gach bliain, bíonn lá speisialta ann le heolas a scaipeadh faoin idirlíon agus é a dhéanamh níos sábháilte, mar atá, Lá na Sábháilteachta Idirlín. Gach bliain, bíonn téama ar leith ann agus is é téama na bliana seo ná: ‘Rómhaith le bheith fíor? Coinnigh thú féin, agus daoine eile, slán ón chaimiléireacht ar líne.’
Is é an chéad rud le coinneáil i gcuimhne ná nach mbíonn gach rud mar a amharcann sé i gcónaí. Is féidir le daoine cuma dhifriúil a chur ar shuíomh ar líne agus a ligean orthu gur comhlacht nó grúpa eile iad. Úsáideann siad sin le go n-íocfaidh tú as rud le do chárta nó, níos measa, do chuid sonraí bainc a thabhairt dóibh. Más caimiléireacht atá ann, ní bhfaighidh tú an rud ach gheobhaidh tú an bille!
Creid é nó ná creid, ach cailleann a lán daoine airgead ar líne. Nuair a théann tú chuig suíomh le rud a cheannach, nó le do chuid sonraí a thabhairt, ní mór bheith cinnte gur fíor-shuíomh atá ann. Mar shampla, is féidir le duine ar bith suíomh atá cosúil le suíomh a bhfuil aithne agat air a dhéanamh. Seiceáil go bhfuil an seoladh ceart agus má bhíonn tú ag íoc as rud ar bith go bhfuil pictiúr de ghlas druidte in aice leis an seoladh.
Glas druidte
Dóigh eile a mbuaileann daoine bob ar líne ná tairiscint a thabhairt do rud atá iontach saor ar fad nó fiú saor in aisce. Bíonn ort cnaipe a bhrú leis an rud a fháil. Thiocfadh na rudaí seo bheith ar shuíomhanna nó fiú ar ríomhphoist. Is minic a ligeann daoine orthu féin gur cara de do chuid atá iontu agus nach mbeidh tú airdeallach. Má bhrúnn tú an cnaipe, tá baol ann go ligfidh tú do dhuine eile smacht a fháil ar do ríomhaire nó fiú do ghuthán.
Is comhairle mhaith é: ‘Má tá sé rómhaith le bheith fíor, seans maith nach bhfuil sé fíor.’
Le déanamh:
Déan liosta de na sonraí a thugann daoine ar líne. Cuir an liosta i gcomparáid leis an duine in aice leat. Ar fhág tú rud ar lár? Ná déan dearmad, bíonn caimiléirí ábalta úsáid a bhaint as sonraí le caimiléireacht a dhéanamh.
An bhfuil a fhios agat cás ar bith nuair a buaileadh bob ar dhuine ar líne? Cad é mar a mhothaigh an duine, dar leat?
Déan liosta de ‘thairiscintí atá rómhaith le bheith fíor’ Scríobh cúig rud. Cuir do liosta i gcomparáid le do chara in aice leat.