Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Iarsmaí ó cheann de na cathracha i nGleann na hIondúise
Thart ar 5,300 bliain ó shin, bhí sibhialtacht iontach ann in áit darb ainm Gleann na hIondúise. Thóg na daoine seo cuid de na chéad chathracha móra riamh ar domhan.
Tá Gleann na hIondúise suite ar an teorainn idir an India agus an Phacastáin
Síleann daoine gur seo an chuma a bheadh ar cheann de chathracha na hIondúise
Thóg siad tithe maithe as brící agus sráideanna díreacha. Bhí draenacha acu go fiú, leis na cathracha a choinneáil glan. Daoine cliste a bhí iontu – rinne siad feirmeoireacht agus trádáil agus rinne siad potaireacht. Tá a fhios againn an méid seo mar gur tháinig seandálaithe ar an mhéid atá fágtha de na cathracha agus de na tithe agus na foirgnimh a thóg siad.
Bréagán a chruthaigh na daoine seo, déanta as cré
Píosa potaireachta a d’aimsigh seandálaithe i nGleann na hIondúise
Tá cúpla rud nach bhfuil a fhios againn faoi dtaobh díobh, áfach. Níl a fhios againn, mar shampla, cén fáth ar tháinig deireadh leis an tsibhialtacht seo. An é gur tharla athrú aeráide? An é gur thriomaigh an abhainn agus go raibh ar na daoine na cathracha a fhágáil agus dul áit éigin eile? Níl na seandálaithe cinnte.
Pictiúr a tharraing ealaíontóir de na daoine i nGleann na hIondúise – cad é a tharla dóibh?
An rud mór eile nach bhfuil ar eolas againn ná cén teanga a labhair na daoine seo agus cad é a chiallaíonn a gcuid scríbhneoireachta. Tháinig na seandálaithe ar chuid mhór samplaí de scríbhneoireacht na ndaoine seo, ar phíosaí potaireachta agus ar leaca cloiche ach ní raibh duine ar bith ábalta a oibriú amach riamh cad dó a seasann na siombailí uilig. Dá dtiocfadh linn sin a oibriú amach, b’fhéidir go bhfoghlaimeodh muid níos mó faoin mhéid a tharla dóibh.
Scríbhneoireacht ar leac chloiche
Cad é a chiallaíonn na siombailí?
Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór daoine, go háirithe san India, i ndiaidh ríomhairí agus an intleacht shaorga a úsáid le cuidiú leo scríbhneoireacht na hIondúise a dhíchódú. Ar an drochuair, níor éirigh le duine ar bith acu.
Sampla eile den scríbhneoireacht seo
Tá na samplaí seo le feiceáil i Músaem na Breataine i Londain
Ach anois, tá scoláirí staire agus seandálaithe dóchasach go luífidh daoine isteach ar a gcuid iarrachtaí an tsean-scríbhneoireacht a dhíchódú nó deir gobharnóir an cheantair ina bhfuil Gleann na hIondúise go dtabharfaidh sé milliún dollar don chéad duine a bheas ábalta ciall na scríbhinní a mhíniú don domhan.
An bhfuil tusa maith ag briseadh cód?
Le déanamh / le plé
Ar feadh i bhfad, bhí an fhadhb chéanna ag daoine le seanscríbhneoireacht na hÉigipte – ní raibh muid ábalta a oibriú amach cad é an chiall a bhí leis na siombailí. Cuardaigh an focal Rosetta ar SN/NA agus mínigh cén dóigh ar éirigh leo an scríbhneoireacht a dhíchódú, sa deireadh.
SN: Bhí seanchóras scríbhneoireachta dár gcuid féin ag na Gaeil – faigh níos mó eolais air anseo: An Oghamchraobh https://newsdesk.c2kschools.net/c/newsdesk/news/11033
An bhfuil tusa maith ag briseadh cód? Déan iarracht an cód seo thíos a bhriseadh agus ciall a dhéanamh den scríbhneoireacht seo. Tháinig na focail seo uilig ón alt (Tá an chéad sampla déanta duit agus tá cúpla leid eile ann – cliceáil ar an phictiúr le cóip a íoslódáil le go dtig leat é a phriontáil).
Nó, más mian leat seo a oscailt i gcluaisín nua:
Oscail an PDF i gcluaisín nua