Cnoc oighir ag teacht!

Dé hAoine, an 31ú Eanáir 2025


Cnoc oighir measartha beag

Tá cnoc oighir ollmhór ag dul i dtreo oileáin san Atlantach Theas. Tá an cnoc oighir seo chomh mór le Contae an Chláir, sin 3,450 ciliméadar cearnach! Is é an cnoc oighir is mó ar domhan é. Nuair a éiríonn uisce fuar, faoi bhun 0˚C, reonn sé agus éiríonn sé crua. In áiteanna mar Antartaice, atá thar a bheith fuar ar fad, fásann an t-uisce reoite seo agus déanann sé oighearshruthanna. Tá 85% de thalamh Antartaice clúdaithe le hoighearshruthanna agus tá cuid acu níos doimhne ná 4km.

Cuid d’oighearshruth ag titim isteach san fharraige

Léiríonn an focal ‘oighearshruth’ go mbíonn an t-oighear ag bogadh, cé nach mbogann sé ach b’fhéidir 20-50 ceintiméadar sa lá, sa chuid is mó d’áiteanna. Ó am go chéile, briseann píosa den oighearshruth agus imíonn sé amach san fharraige. De ghnáth, bíonn na píosaí seo beag, ach, in amanna, bíonn siad iontach mór. Agus, mar a dúirt muid, tá A23a, an t-ainm a thug eolaithe air, ollmhór! Bhris sé saor ar fad sa bhliain 2020 agus bhí sé ag taisteal thart ar an chuid ó dheas den Atlantach.

Cnoc oighir ard

Ní hamháin go bhfuil an cnoc oighir mór ach tá sé ard chomh maith, thart ar 50 méadar ar airde! Dúirt duine a chonaic é go raibh sé cosúil le balla oighir as scéal fantaisíochta. Chomh maith leis sin, tá i bhfad níos mó den chnoc oighir faoin uisce ná mar atá le feiceáil os cionn an uisce.

Bíonn an chuid is mó den chnoc oighir faoin uisce

Tá an cnoc oighir ag bogadh thart ar 3km san uair ach, ar an drochuair, tá oileán go díreach sa bhealach air, mar atá, an tSeoirsia Theas. Má bhuaileann sé an t-oileán, seans go ndéanfaidh sé dochar do na héin agus do na rónta atá ina gcónaí san áit nó ní bheidh siad ábalta bia a fháil. Ach tá súil ag na heolaithe go bhfuil A23a chomh mór sin go rachaidh sé in abar ar ghrinneall na farraige.

Piongainí ar an tSeoirsia Theas


Le déanamh:

Faigh amach cé chomh mór is atá an contae s’agatsa i gciliméadair chearnacha. An bhfuil sé níos mó nó níos lú ná cnoc oighir A23a? Cad é an contae is mó in Éirinn. Agus an contae is lú?


Thig leat amharc ar an chnoc oighir agus an tSeoirsia Theas anseo.


Cuardaigh an téarma ‘cnoc oighir’ ar an ardán seo. Cad é an dochar a rinne cnoc oighir do long cáiliúil? Smaoinigh ar dhochar eile is féidir le cnoc oighir ollmhór a dhéanamh. Déan liosta agus cuir é i gcomparáid le do chara in aice leat.


meas