Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beidh an 1ú lá de mhí Feabhra ann Dé Sathairn. Is í mí Feabhra an chéad mhí den earrach againne. Fuair muid an t-ainm Feabhra ó sheanteanga darb ainm an Laidin. Labhair na Rómhánaigh an teanga sin. Ach bhí ainm eile ag na Gaeil ar mhí Feabhra – thug siad Mí Thús an Earraigh ar an mhí seo. Tá an t-ainm sin ann go fóill.
Bíonn Lá Fhéile Bríde ann ar an 1ú Feabhra. Gach seans gur fhoghlaim Bríd Laidin. D’fhoghlaim na sagairt, na manaigh agus na mná rialta Laidin le go dtiocfadh leo an Bíobla a léamh. Fuair muid a lán focal ón Laidin.
I mí Thús an Earraigh (nó mí Feabhra), feicimid na chéad chomharthaí go bhfuil an geimhreadh ag imeacht, agus an t-earrach ag teacht.
Earrach, samhradh, fómhar agus geimhreadh – na 4 shéasúr
Tá na laethanta ag éirí níos faide. Beidh na feirmeoirí sásta faoi seo. Bíonn na páirceanna iontach fliuch sa gheimhreadh mar bíonn a lán fearthainne ann. Ach, nuair a bhíonn an lá níos faide, bíonn seans níos fearr ag an Ghrian an talamh fliuch a thriomú.
Bíonn na páirceanna go fóill iontach fliuch ag tús an earraigh…
Ag tús an earraigh, feicimid na bachlóga ag fás ar na crainn. Is comhartha é seo go bhfuil na duilleoga ag déanamh réidh le teacht amach.
Má amharcann tú go géar ar na crainn, feicfidh tú na bachlóga beaga
Ag tús an earraigh, tosaíonn roinnt bláthanna de bheith ag fás arís. Tá clú ar an phlúirín sneachta gurb é an chéad bhláth a fheicimid gach bliain. Cuireann an plúirín sneachta áthas ar dhaoine. Is comhartha é go bhfuil an geimhreadh ag teacht chun deiridh.
Plúiríní sneachta – an bhfaca tusa na bláthanna seo go fóill i mbliana?
Ag tús an earraigh, bíonn na hainmhithe iontach gnóthach. Tógann na héin nead nua, nó tá a fhios acu go mbeidh uibheacha ag teacht. Is maith leis na héin na hóga a bheith acu san earrach mar beidh an t-earrach agus an samhradh ar fad acu le fás suas agus le héirí láidir.
Tá an dreoilín ag bailiú stuif lena nead a thógáil
Ag tús an earraigh, bíonn ainmhithe eile ag déanamh réidh le hóga a bheith acu fosta. Beidh na feirmeoirí ag coinneáil súil ar na caoirigh, lena chinntiú go bhfuil siad maith go leor nó ní fada go mbeidh na huain ag teacht.
Tá uan ina bolg ag an chaora seo
Le plé
Cén séasúr is fearr leatsa agus cén fáth?
Má thugann daoine Mí Thús an Earraigh ar mhí Feabhra, cén mhí í Mí Lár an Earraigh? Cén mhí í Mí Dheireadh an Earraigh?
Le déanamh
Tarraing pictiúr den earrach. Seol isteach chugainn é. Ba bhreá linn é a fheiceáil.
An féidir leat cuid ar bith de na focail ón alt a aimsiú san fhocalchuardach seo?
1. bachlóg
2. grian
3. nead
4. earrach
5. séasúr
6. samhradh
7. comhartha
8. plúirín
9. uibheacha