Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá oíche chinn bliana ann anocht. Is ea, beidh muintir na Síne ag ceiliúradh bliain úr amárach agus beidh siad ag déanamh réidh inniu. Tá pobal mór Síneach ar fud an Domhain agus bíonn ceiliúradh mór acu i ngach cathair mhór.
Ní thiteann an chéad lá de bhliain nua na Síneach ar an dáta céanna gach bliain, braitheann sé ar an Ghealach. Tosaíonn an bhliain úr nuair a bhíonn an dara gealach nua ann i ndiaidh ghrianstad an Gheimhridh. Bíonn grianstad an Gheimhridh ann thart ar 22ú Nollaig gach bliain, mar sin, titeann an Bhliain Nua idir an 21ú Eanáir agus an 20ú Feabhra. I mbliana, beidh sí ann ar an 29ú Eanáir.
Gach bliain, bíonn ainmhí faoi leith i gceannas ar an bhliain Shíneach. An dragan (tuigimid nach fíor-ainmhí é an dragan!) a bhí ann i 2024 agus an nathair a bheas ann i 2025. Duine ar bith a bheirtear i mbliain na nathrach, deirtear gur ‘nathair’ é nó í. Baineann tréithe speisialta leis an nathair; deirtear go mbíonn siad seiftiúil, daingean agus ábalta oibriú go maith as a stuaim féin. Chomh maith leis sin, bíonn siad suaimhneach agus críonna.
Díríonn an ceiliúradh ar an teaghlach cuid mhaith. Tagann daoine a bhíonn ag obair sna cathracha abhaile go dtí teach an teaghlaigh. Bíonn na milliúin duine ag taisteal ag an am seo den bhliain sa tSín. Nuair a thagann siad abhaile, bíonn dinnéar speisialta acu. Tugann daoine bronntanais airgid dá chéile i gclúdach dearg. Tá an dath dearg iontach ádhúil ag na Sínigh. Glacann daoine grianghraf den teaghlach ag an am seo den bhliain.
Sna bailte agus sna cathracha, bíonn paráidí le tinte ealaíne agus pléascóga tine. Síleann na daoine go gcuireann na pléascóga tine an ruaig ar dhrochspioraid. Maireann an ceiliúradh 15 lá go dtí Féile na Lampaí agus bíonn mí iomlán saoire ag páistí ón scoil!
Is minic a ghlacann daoine leis an deis seo le seanrudaí a chaitheamh amach nó tabhairt faoi rud nua.
Pléascóga tine
Le déanamh:
Smaoinigh ar rud nua ba mhaith leat a dhéanamh don bhliain nua.
An bhfuil a fhios agat féile ar bith eile a thiteann ar dháta difriúil gach bliain. Cuardaigh an t-ardán seo lena fheiceáil an bhfuil sí ann. Faigh amach cén dóigh a socraítear an dáta gach bliain.