Cairde cairtchláir

Dé Céadaoin, an 29ú Eanáir 2025


Iasc gréine taobh le roinnt tumadóirí – fásann siad ollmhór


Tá an t-iasc gréine ar cheann de na héisc chnámhacha is mó ar domhan. Tá ceann acu ina chónaí in uisceadán Shimonoseki sa tSeapáin. Bhí meáchan de 28kg san iasc nuair a tháinig sé chuig an uisceadán an chéad lá. Bhí ar an uisceadán druidim roimh an Nollaig, áfach, nó caithfidh siad an áit a chóiriú. D’fhág sé seo nach mbíonn cuairteoirí ar bith ag teacht isteach i rith an lae.

Iasc gréine in uisceadán. Tá cuma chiorclach air cionn is nach bhfásann a eite eireabaill i gceart


Nuair a druideadh an t-uisceadán don phobal, thug na hoibrithe faoi deara nach raibh an t-iasc gréine mar an gcéanna. Roimhe sin, bhí dúil mhór aige sna smugairlí róin. D’alpfadh sé síos iad nuair a chaith na hoibrithe isteach san uisce iad. Ach nuair a bhí an t-uisceadán druidte, stad an t-iasc gréine de bheith ag ithe mar is ceart agus chaill sé meáchan. Ní raibh a fhios ag na hoibrithe cad é a bhí air. Ní raibh comharthaí soiléire ann go raibh an t-iasc mór tinn.

Deir na hoibrithe san uisceadán gur breá leis an iasc gréine smugairlí róin a ithe

(Úsáideadh an intleacht shaorga leis an phictiúr seo a chruthú)


Faoi dheireadh, tháinig duine de na hoibrithe aníos leis an smaoineamh go mb’fhéidir go raibh an t-iasc gréine uaigneach, gan cuairteoirí ar bith ann i rith an lae. Fuair siad ‘daoine cairtchláir’ agus chuir siad taobh amuigh de ghloine an umair iad. Ghreamaigh siad éide oibre na n-oibrithe den ghloine fosta, le go sílfeadh an t-iasc go raibh daoine ann taobh amuigh, mar is gnách.

Daoine agus oibrithe bréagacha mar chuideachta don iasc gréine

Grianghraf le caoinchead Mhúsaem Eolaíochta Muirí Shimonoseki, ‘Kaikyokan’

Ar ámharaí an tsaoil, d’oibrigh sé! Thosaigh an t-iasc gréine de bheith ag ithe arís. Ní iasc lagleochaileach é an t-iasc gréine ach deir lucht an uisceadáin gur iasc iontach fiosrach é an t-iasc gréine seo. Is maith leis cuairteoirí a fhiosrú nuair a thagann siad chuig an umar s’aige. Sin an fáth ar éirigh leis an chleas seo leis an iasc áirithe seo.

Agus iad san fharraige, is ainmhithe aonair iad na héisc ghréine. Ach caithfidh sé gur éirigh an t-iasc gréine seo cleachta leis na cuairteoirí san uisceadán. Anois, cuireann siad na cairde cairtchláir amach gach oíche nuair a dhruideann siad an t-uisceadán, lena chinntiú go mbíonn an t-iasc gréine sona sásta go dtí go n-éiríonn an ghrian arís!

Cé gur éisc aonair iad, tá an ceann seo ag glacadh le bia amuigh san fharraige


🐠 Mola mola an t-ainm eolaíochta atá ar an iasc gréine. Ciallaíonn mola ‘cloch mhuilinn’ – cloch chiorclach ollmhór.

🐠 Fuair an t-iasc an t-ainm iasc gréine mar gur maith leo teacht go barr an uisce nuair a bhíonn an Ghrian ag soilsiú.

Iasc gréine ag gobadh a chloiginn amach as an uisce


🐠 I gcuid mhaith teangacha eile, tugtar iasc gealaí orthu mar tá cruth an éisc cosúil leis an ghealach.

Iasc gréine eile ar bharr an uisce – tá cruth ciorclach orthu cionn is nach bhfásann an eite eireabaill


🐠 Is iad na héisc ghréine na héisc chnámhacha is mó ar domhan (NÍL cnámha ag siorcanna!). Nuair a thagann siad amach as an ubh, bíonn 1g meáchain iontu. Thig leo fás chomh trom le 2,500kg – sin níos troime ná srónbheannach!


Le plé / le déanamh

An bhfuil peata agat? An mbíonn tú buartha go mbeadh sé/sí uaigneach nuair nach mbíonn duine ar bith sa teach?

An bhfuil moltaí ar bith agat le do pheata a choinneáil sásta nuair nach mbíonn tú ann?

Bhí alt againn faoi chránacha dubha a choinneáil in uisceadán. An síleann tú go bhfuil sé ceart an t-iasc gréine seo a choinneáil san uisceadán?



meas