Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá baile Thiberville suite sa Normainn, i dtuaisceart na Fraince
An eaglais in Thiberville (tá Oifig an Mhéara le feiceáil sa chúlra)
Tá baile beag sa Fhrainc i ndiaidh €10 milliún a fháil ó fhear nár leag cos sa bhaile riamh! Tá baile Thiberville suite sa Normainn, réigiún i dtuaisceart na Fraince. Is baile beag tuaithe atá ann, níl ach thart ar 2,000 duine ina gcónaí ann.
Fuair an Méara scairt ghutháin ag tús mhí na Nollag…
Tamaillín roimh an Nollaig, fuair Méara an bhaile scairt ghutháin ó dhlíodóir as Páras. Dúirt an dlíodóir go raibh cliant dá chuid i ndiaidh bás a fháil agus gur fhág an cliant sin €10 milliún le huacht ag an bhaile.
Níl fiú pictiúr againn den fhear – chaith sé saol ciúin i bPáras
Bhain seo siar as Méara an bhaile nó ní raibh aithne aige ar an fhear. Ní raibh aithne ag duine ar bith sa bhaile ar an fhear. Mar a tharlaíonn sé, ní raibh aithne ag an fhear ar dhuine ar bith i mbaile Thiberville ach an oiread – níor thug sé cuairt ar an bhaile riamh roimhe ina shaol!
Má tá a lán airgid agat agus más mian leat an t-airgead sin a thabhairt do dhuine nó do ghrúpa faoi leith i ndiaidh do bháis, téann tú chuig dlíodóir agus scríobhann tú uacht
Mar sin, cén fáth ar fhág sé a chuid airgid ar fad le huacht ag an bhaile? Bhuel, níl duine ar bith iomlán cinnte, ach tá barúil measartha maith acu… Roger Thiberville an t-ainm a bhí ar an fhear a fuair bás. Bhí sé 91 bliain d’aois. Fear ciúin a bhí ann a raibh saol measartha simplí aige. Ba mheitéareolaí é. Bhí comhlacht fíona ag a thuismitheoirí agus d’fhág siadsan an t-airgead seo le huacht ag Roger.
Meitéareolaíocht an t-ainm a thugaimid ar staidéar ar an aimsir
Ní raibh aon teaghlach ná gaolta fágtha ag Roger féin, mar sin, d’fhág seisean an t-airgead ar fad le huacht ag baile Thiberville – an baile beag ar roinn sé ainm leis! An t-aon iarratas a bhí aige, nó go gcuirfeadh siad a ainm ar leac chuimhneacháin bheag sa reilig.
Ní raibh Robert ag iarraidh ach leac bheag chuimhneacháin agus a ainm uirthi i reilig an bhaile
Arsa Méara an bhaile, “Níor shamhlaigh muid riamh go dtarlódh a leithéid. Thig linn cuid den airgead seo a úsáid le fiacha a ghlanadh ach beidh muid ábalta an chuid is mó de a úsáid le rudaí deasa a chur isteach do mhuintir an bhaile – faiche bhollaí agus páirc nua sacair uile-aimsire, b’fhéidir. Níl a fhios againn go fóill cad é a dhéanfas muid leis an chuid eile!”
Pairc sacair uile-aimsire
Faiche bhollaí
Le plé
Cad iad na háiseanna uilig atá ann do na daoine (agus na daoine óga go háirithe) i do cheantar féin? Cad iad na háiseanna atá de dhíth?
Samhlaigh gur tusa méara do bhaile nó do cheantair féin agus go bhfágann duine éigin €10m le huacht agaibh – cad é a dhéanfadh sibh leis an airgead?
Tugtar duine daonchairdiúil (cairdiúil le daoine) ar dhuine a dtaitníonn sé leis airgead a thabhairt do dhaoine eile nó do charthanais. Dá mbeadh €10m agatsa le tabhairt do charthanas éigin, cén carthanas a bheadh ann agus cén fáth?
Cuimhnigh ar na Fiacha!
Ciallaíonn fiacha airgead a chaithfidh tú a íoc le duine éigin. I mBéarla, deir muid I owe you a debt, nó I owe you €10.
I nGaeilge, níl an briathar ‘to owe’ againn.
Deir muidne:
Tá €10 agat orm (rud a chiallaíonn: Tá orm €10 a thabhairt duitse), nó…
Tá €10 agam ort (rud a chiallaíonn: Tá ortsa €10 a thabhairt domsa).