Misean chuig Mearcair

Dé Céadaoin, an 22ú Eanáir 2025


Mearcair faoi sholas na Gréine – tá sé i bhfad níos teo ná oigheann anseo

Pic © ESA/BepiColombo/MTM


Bhí lúcháir ar Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (an ESA) an mhí seo mar go raibh siad ábalta pictiúir den phláinéad Mearcair a sheoladh ar ais chuig an Domhan. Chuir siad féin agus Gníomhaireacht Spáis na Seapáine (JAXA) tús le misean chuig Mearcair i mí Dheireadh Fómhair, 2018. 

Bhí 3 chuid sa spásárthach – cuid amháin leis an rud iomlán a thabhairt chuig Mearcair agus ansin 2 chuid eile a bhrisfidh ar shiúl agus a chaithfidh na blianta ag bailiú eolais ar Mhearcair

Pic © ESA/ATG medialab |

An chuma a bhí ar an spásárthach nuair a d’fhág sé an Domhan

Pic den spásárthach agus é ceangailte le NASA



Bhí ar na heolaithe a gcuid ama a thógáil le Mearcair a bhaint amach. Ní thiocfadh leo an spásárthach a sheoladh i líne dhíreach chuig an phláinéad nó bheadh sé ag dul i bhfad róghasta ag an deireadh. 

Is é Mearcair an pláinéad is cóngaraí don Ghrian agus dá mbeadh an spásárthach ag dul róghasta, bheadh seans ann go bhfaigheadh fórsa imtharraingthe na Gréine greim air.   

Chuaigh an spásárthach an bealach fada chuig Mearcair – d’úsáid sé imtharraingt na bpláinéad eile le cuidiú leis


Mar sin, d’úsáid na heolaithe an fórsa imtharraingthe atá ag an Domhan agus ag Véineas leis an spásárthach a mhoilliú agus a bhrú i dtreo Mhearcair. Bhí siad ábalta a lán fuinnimh a choigilt ar an dóigh seo fosta. Ciallaíonn sé sin go mbeidh fuinneamh fágtha ag an spásárthach le Mearcair a fhiosrú go ceann roinnt blianta eile.


Tugann siad BepiColombo ar an mhisean, in ómós don eolaí Iodálach, Giuseppe ‘Bepi’ Colombo. Rinne seisean cuid mhór oibre ar Mhearcair thiar sna blianta 1970. Bhí an tUasal Colombo mar chuid den fhoireann a chuidigh le NASA an misean Mariner 10 a chur chuig Mearcair in 1973.

Tá Mearcair thart ar an mhéid chéanna leis an Ghealach s’againne


Is é Mearcair an pláinéad is cóngaraí don Ghrian. Is é an pláinéad is lú sa ghrianchóras é – tá sé rud beag níos mó ná an Ghealach s’againn. Is é an pláinéad is gasta é fosta. Taistealaíonn sé faoi luas de 170,000km san uair agus ní thógann sé ach 88 ‘lá Domhanda’ air dul thart ar an Ghrian.

(Fiosraigh na pláinéid go léir sa ghrianchóras anseo.)


Fuair Mearcair a ainm ón dia Rómhánach, Mearcair. Bhí sé de chlú ar Mhearcair go raibh sé iontach gasta. Ach cé go dtaistealaíonn an pláinéad an-ghasta agus é ag dul thart ar an Ghrian, rothlaíonn sé go han-mhall.

Bíonn lá agus oíche ann mar go rothlaíonn an Domhan. Nuair a bhíonn an Ghrian ag soilsiú ar thaobh amháin den Domhan, bíonn an lá ann. Bíonn sé dorcha ar an taobh eile – sin an oíche. Maireann an oíche ar Mhearcair thart ar 30 lá domhanda!


Tógann sé 24 uair an chloig ar an Domhan rothlú iomlán a dhéanamh – sin an fáth a bhfuil 24 uair an chloig sa lá againne. Tógann sé 59 ‘lá domhanda’ ar Mhearcair rothlú iomlán a dhéanamh – mar sin tá 1416 uair an chloig sa lá ar Mhearcair! (59 x 24 = 1416).

Go dtí seo, ba é Mearcair an pláinéad is lú a ndearna daoine é a fhiosrú. Sin an fáth ar cuireadh tús le misean Bepi Colombo le níos mó a fhoghlaim faoin phláinéad agus leis na ceisteanna a bhí ag eolaithe faoi dtaobh de a fhreagairt. 

Mar shampla, in 2012, fuair misean eile de chuid NASA amach go bhfuil uisce reoite – oighear – ag pol thuaidh Mhearcair. Chuir sé seo iontas an domhain orthu nó is é Mearcair an pláinéad is cóngaraí don Ghrian. Bíonn sé 450ºC ansin i rith an lae! 

Seo an pol thuaidh ar Mhearcair – síleann eolaithe go mbíonn sé dorcha anseo i rith an ama agus, mar sin de, iontach fuar. Sin an fáth a bhfuil oighear ar fáil anseo.

Pic © ESA/BepiColombo/MTM


Tá a fhios againn anois nach bhfuil atmaisféar ar Mhearcair leis an teas sin a choinneáil. Mar sin, áit ar bith nach bhfaigheann teas na Gréine, bíonn sé iontach fuar ar fad, –170ºC. Síleann eolaithe nach soilsíonn an Ghrian ar an phol thuaidh in am ar bith agus gur sin an fáth a bhfuil an t-oighear ann.

Ón bhliain seo chugainn ar aghaidh, beidh BepiColombo ag taisteal thart ar Mhearcair i bhfithis i rith an ama. Tá súil ag na heolaithe go gcuideoidh na ceamaraí agus na gléasanna eolaíochta eile atá ar bord acu go leor rudaí eile a fhoghlaim faoin phláinéad bheag seo.


Le plé

An bhfuil suim agatsa sa Spás? Cén fáth?

Cosnaíonn sé na milliúin euro misin spáis mar seo a reáchtáil. Tá an t-eolas a fhaighimid amach iontach suimiúil, ach nárbh fhearr an t-airgead a chaitheamh le cuidiú le daoine bochta anseo ar Domhan? Cad é do bharúil?

Cá mhéad eolais atá agatsa ar an Ghrianchóras? An féidir leat na lipéid a chur san áit cheart?


meas