Uibheacha Cásca

Dé Luain, an 20ú Eanáir 2025


Níl an Nollaig i bhfad ar shiúl. Bhí sneachta trom in áiteanna in Éirinn cúpla seachtain ó shin. Ach cheana féin, tá uibheacha Cásca le feiceáil sna siopaí. Fan soicind anois! Nó mí nó dhó, fiú. Beidh Domhnach na Cásca ann ar 20ú Aibreán i mbliana, sin trí mhí ar shiúl! Mar sin, níor chóir go mbeadh na huibheacha Cásca le feiceáil chomh luath seo. I ndáiríre, ba chóir go mbeadh cosc ar uibheacha Cásca sna siopa go dtí mí Mhárta ar a luaithe.

Cad chuige a ndeirim sin? Bhuel, sa chéad dul síos, ba chóir sos a bheith againn i ndiaidh na Nollag. Bíonn sos de dhíth idir na féilte thar an bhliain. Nuair a fhanaimid leo, mothaímid gur ócáid ar leith atá ann. Ach má théimid ó fhéile amháin go díreach isteach i bhféile eile, ní bheidh ann ach féile mhór amháin ó thús go deireadh na bliana. Má bhímid ag fanacht le rud, bainfidh muid níos mó suilt as.

Is féile Chríostaí í an Cháisc agus tagann an Carghas roimpi. Sa tréimhse sin, éiríonn daoine as rudaí a bhfuil dúil acu iontu, seacláid, mar shampla. Agus tá an rud céanna fíor ina lán creideamh eile. San Ioslam, tá Ramadan ann, mar shampla, agus tá Ealúl ag na Giúdaigh. Níl sé rómhaith a bheith ag cur cathú ar dhaoine ag an am seo den bhliain, go háirithe nuair a bhíonn sos de dhíth i ndiaidh na Nollag!

Tá cúis mhaith ag na siopaí, ar ndóigh, na huibheacha Cásca a bhrú orainn. Ba mhaith leo níos mó seacláide a dhíol linn agus seo dóigh ghránna lena dhéanamh. Mar a dúirt mé, ba chóir go mbeadh cosc orthu! Gan sin, ní bheidh ann ach saol éadrom gan aon bhrí agus caillfidh muid an chiall atá leis an fhocal ‘ócáid’.


Le plé:

Bíodh vóta sa rang. Cá mhéad duine a aontaíonn leis an alt agus cá mhéad nach n-aontaíonn? Ansin, roghnaítear beirt ó gach taobh agus caithfidh siad a gcuid argóintí a chur le chéile. Is féidir leo labhairt leis na daoine atá ar an ‘taobh’ s’acusan.


Le déanamh:

Is alt ‘áititheach’ an t-alt seo. Níl ann ach tuairim amháin agus tá an duine a scríobh é ag iarraidh go n-aontódh daoine eile leis an argóint. An mothaíonn tú féin láidir faoi rud ar bith? Scríobh síos do chuid argóintí sa stíl chéanna.

An dtig leat smaoineamh ar an am deireanach a chonaic tú alt mar seo. Cad é a bhí an t-alt ag iarraidh a rá leat? Ar aontaigh tú leis an argóint ag an deireadh?


Pictiúir:

Uibheacha i siopa: Wise Dog Studio / Shutterstock.com


meas