Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An Teach Bán, Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá – beidh Donald Trump ag bogadh isteach Dé Luain
Seo an dara huair dó a bheith mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá
Dé Luain, i gcathair Washington DC, cuirfidh Donald Trump tús lena dhara tréimhse mar Uachtarán ar SAM. Beidh roinnt mhaith daoine i Meiriceá ag ceiliúradh.
Ach is amhlaidh nach mbeidh Rialtas na hÉireann ag ceiliúradh, nó tá siadsan rud beag buartha faoi Trump a bheith ina Uachtarán arís… Agus, má tá rialtas na hÉireann buartha, níl siad leo féin, nó tá go leor tíortha eile ar domhan nach bhfuil cinnte faoin mhéid a dtig linn bheith ag súil leis ón Uachtarán nua.
Beidh Simon Harris ina Aire Gnóthaí Eachtracha i Rialtas na hÉireann. An jab a bheas aige ná bheith ag plé le tíortha eile, SAM, agus Trump, san áireamh. In 2020, dúirt sé gur ‘amadán ceart’ é Trump. Bhí air a leithscéal a ghabháil anuraidh.
An t-am deireanach a raibh Trump ina Uachtarán, bhí polasaí aige darbh ainm ‘Tús Áite do Mheiriceá’. Bhí ar roinnt tíortha eile níos mó airgid a íoc le rudaí a dhíol i Meiriceá. Lig sé seo do Trump cánacha a ísliú do mhuintir SAM. Tharraing sé amach as comhaontuithe timpeallachta le tíortha eile. D’fhág seo nach raibh ar chomhlachtaí i Meiriceá an méid céanna a dhéanamh le cuidiú leis an timpeallacht. Chuidigh sé seo leo airgead a shábháil agus bhí siad ábalta roinnt rudaí a dhéanamh níos saoire do mhuintir SAM.
Shíl Trump go raibh lucht gnó i Meiriceá níos tábhachtaí ná an timpeallacht
An t-am deireanach, ní raibh sé furasta ag Trump gach rud a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh, a dhéanamh, nó ní raibh go leor vótaí aige i bparlaimint Mheiriceá. An t-am seo, tá níos mó vótaí aige, agus beidh sé níos fusa aige brú ar aghaidh lena chuid pleananna agus ‘Meiriceá a dhéanamh go hiontach arís’.
Beidh Trump i bhfad níos láidre an t-am seo mar go bhfuair an páirtí s’aige, na Poblachtaigh, níos mó vótaí
Tá Éire agus tíortha eile san Eoraip buartha go mbeidh orthu níos mó airgid a íoc le rudaí a dhíol i Meiriceá. Tá Éire, go háirithe, buartha go mbeidh Trump ag iarraidh cuid de na comhlachtaí móra Meiriceánacha a bhfuil príomh-oifigí acu in Éirinn a tharraingt amach as an tír agus ar ais go Meiriceá nó bheadh cuid mhór post i mbaol anseo.
Tá tíortha san Eoraip buartha go mbeidh sé níos deacra, agus níos daoire, rudaí a dhíol i Meiriceá
Tá lucht na timpeallachta iontach buartha nó dúirt Trump minic go leor nach gcreideann sé go bhfuil an t-athrú aeráide fíor. Ba mhaith leis a ligean do chomhlachtaí ola agus gáis druileáil a dhéanamh i gceantair atá tábhachtach ó thaobh na timpeallachta de. Faoi láthair, níl cead acu sin a dhéanamh. Is baol mór é an t-athrú aeráide do chuid mhór tíortha ar domhan, ar ndóigh.
Bheadh Trump sásta a ligean do na comhlachtaí ola druileáil a dhéanamh amach ó chósta Alasca – cónaíonn cuid mhór ainmhithe tábhachtacha ansin
Tá muintir na Graonlainne (agus rialtas na Danmhairge) agus rialtas Cheanada buartha mar gur dhúirt Trump gur mhaith leis seilbh a ghlacadh ar na háiteanna sin! Tá mianraí luachmhara sa Ghraonlainn agus tá ola luachmhar i gCeanada. Ba mhaith le Trump na rudaí seo a fháil i bhfad níos saoire do Mheiriceá.
Tá an Ghraonlainn mar chuid de ríocht na Danmhairge – ba mhaith le Trump í a bheith mar stát eile de chuid SAM
Ba mhaith le Trump gach rud is féidir leis a dhéanamh, a dhéanamh le níos mó airgid a fháil do SAM. Ligfidh sé sin dó praghsanna agus cánacha a ísliú do mhuintir Mheiriceá.
Donald Trump in Albain – ba as Albain dá mhamó. Bhí sí ina cónaí ar oileán i nGaeltacht na hAlban agus bhí Gàidhlig aici
Tá SAM ar cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan agus bíonn tionchar mór ag na cinntí a dhéanann siad ar shaol daoine eile in áiteanna eile ar domhan. Cuid mhaith den am, thig leo a rogha rud a dhéanamh, mar bíonn eagla ar thíortha eile rompu.
An cheist atá ann, má fhaigheann muintir SAM tús áite, mar a gheall Trump, cén áit a bhfágann sé seo gach duine eile ar domhan?
An cheist mhór…
Le plé/le déanamh
Níl Trump ach ag iarraidh saol níos fearr a thabhairt do gach duine i Meiriceá, ba cheart go mbeadh cead aige sin a dhéanamh.
Mar rang, an féidir libh smaoineamh ar argóintí ar son agus in éadan an ráitis sin?