Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Cad é a déarfá dá bhfeicfeá cat mór ar do bhealach ar scoil? Ciallaíonn ‘cat mór’ cat fiáin atá cuid mhaith níos mó ná an cat a bheadh ag daoine sa teach. Táimid ag caint ar ainmhithe mar leoin, tíogair, liopaird, síotaí agus púmaí. Agus san áireamh, chomh maith, cé nach mbíonn siad chomh mór leis na cinn eile, tá an lincse. Tá na cait mhóra agus na cait bheaga gaolta, ar ndóigh, nó tá gaol géiniteach eatarthu.
Lincse
Agus, dá mbeifeá amuigh in Albain an tseachtain seo a chuaigh thart, bheadh seans agat cat mór a fheiceáil. Dé Céadaoin, i gceantar Cheann a' Ghiùthsaich sna Garbhchríocha, chonaic roinnt daoine dhá chat mhóra amuigh sa sneachta. Bhí rí-rá mór ann agus tháinig saineolaithe isteach sa cheantar agus faoin Déardaoin, bhí siad ábalta na cait mhóra a cheapadh.
Aonach dubh, cuid de na Garbhchríocha
Ní raibh a fhios ag daoine cé a scaoil saor na lincsí seo ach bhí eolaithe buartha go bhfaigheadh siad bás den ocras nó is dócha gur choinnigh duine éigin istigh iad agus nach mbeadh siad cleachta leis an tseilg. Mura mbeadh siad in ann seilg a dhéanamh, ní bheadh siad ábalta a mbia féin a cheapadh.
Ach níorbh é sin deireadh an scéil. Dé hAoine, chonaic daoine péire eile agus bhí na saineolaithe ar ais sa tóir orthu.
In amanna, tugtar ‘an Ghaeltacht’ ar na Garbhchríocha agus téann traidisiún na Gaeilge siar na blianta. Tá Gaeilge na hAlban iontach cosúil le Gaeilge na hÉireann.
Gaeilge na hAlban
Bhí lincsí ina gcónaí in Albain go dtí thart ar 1,000 bliain ó shin agus bhí siad ar fáil in Éirinn chomh maith roimhe sin. Ba mhaith le roinnt eolaithe in Albain iad a thabhairt ar ais le cuidiú leis an timpeallacht agus le fianna a sheilg nó tá barraíocht acu sa tír.
Fianna
Le déanamh:
An bhfaca tú ainmhí a bhí as áit – taobh amuigh dá ghnáthóg féin? I ngrúpaí beaga, cuirigí liosta le chéile de na hainmhithe a chonaic daoine nó a chuala siad fúthu a bhí as áit. Ansin, déanaigí vóta ar an ainmhí ba mhó a bhí as áit.
Le plé:
Bhí scéal ag Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite faoin chontúirt a bhaineann leis na fianna ar na bóithre i nGaeltacht Chorcaí. Tá barraíocht acu ann. Bíonn daoine ag gearán faoi bharraíocht fianna i nDún na nGall agus i gContae Chill Mhantáin chomh maith. Ar cheart dúinn lincsí, nó mic tíre go fiú, a thabhairt ar ais leis na fianna a choinneáil faoi smacht? Cén fáth?