Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An dá chráin dhubha in Marineland Antibes
Tá éiginnteacht mhór ann sa Fhrainc faoi láthair faoi dhá chráin dhubha, nó orca mar a thugtar orthu sa Laidin. Is máthair agus mac iad Wikie (atá 23 bliain d’aois) agus Keijo (atá 11 bhliain d’aois) agus, go dtí seo, bhí siad ina gcónaí i bpáirc shiamsaíochta mhuirí darb ainm Marineland Antibes, i ndeisceart na Fraince. An fhadhb atá ann ná gur dhruid an pháirc shiamsaíochta na doirse Dé Luain na seachtaine seo. Mar sin de, beidh áit chónaithe nua de dhíth ar na cránacha dubha.
Bhíodh ar na cránacha dubha in Marineland seónna a chur ar taispeáint do chuairteoirí
Tháinig dlí isteach sa Fhrainc sa bhliain 2021 a rinne mídhleathach é cránacha dubha agus deilfeanna a choinneáil i zúnna agus i bpáirceanna siamsaíochta. Tá go dtí mí na Nollag, 2026, ag na zúnna agus ag na páirceanna, le stopadh de bheith ag taispeáint na n-ainmhithe. Ach deir Marineland nach fiú dóibh fanacht oscailte mura mbeidh cead acu seónna Wikie agus Keijo a chur ar taispeáint níos mó.
Is leis na cránacha dubha a fheiceáil a thagadh an chuid is mó de na cuairteoirí chuig Marineland
Bhíodh mac eile ag Wikie darbh ainm Moana, deartháir níos sine aici darbh ainm Inouk agus leath-dheartháir darbh ainm Valentin agus iad uilig ina gcónaí in Marineland, ach fuair siad bás. Faigheann na cránacha dubha uilig a choinnítear i bpáirceanna muirí bás go hóg.
Thug an rialtas an dlí seo isteach mar go ndeir siad féin, agus go leor saineolaithe ainmhithe, go bhfuil sé iontach cruálach cránacha dubha agus deilfeanna a choinneáil mar seo. Bíonn orthu cleasa a fhoghlaim agus seónna a chur ar taispeáint do chuairteoirí. Ach taobh amuigh de sin, ní dhéanann siad rud ar bith ach snámh thart in umair mhóra uisce. Deir na saineolaithe ainmhithe go bhfuil go leor comharthaí ann go mbíonn fadhbanna ag na hainmhithe lena sláinte mheabhrach nuair a choinnítear in áiteanna mar seo iad.
Cráin dhubh amháin san umar uisce in Marineland Antibes
Bhí úinéirí Marineland Antibes ag iarraidh an dá chráin dhubha a dhíol le páirc shiamsaíochta mhuirí eile sa tSeapáin ach dúirt feachtasóirí cearta ainmhithe go mbeadh saol níos measa ag na cránacha dubha sa tSeapáin ná mar a bhí acu in Marineland, agus go mbeadh an turas fada chun na Seapáine iontach contúirteach dóibh. Sa deireadh, dúirt rialtas na Fraince nach raibh cead ag Marineland na cránacha dubha a chur chun na Seapáine.
Seo mar a chaitheann cránacha dubha i bpáirceanna muirí cuid mhaith den lá
Mar sin, cad iad na roghanna eile atá ann? Ar an chéad dul síos, aontaíonn chóir a bheith gach duine nach féidir na cránacha dubha a scaoileadh saor. Rugadh Wikie agus Keijo beirt in Marineland agus tá siad ann a saol ar fad. Ba chránacha dubha fiáine iad tuismitheoirí Wikie. Ceapadh san fharraige iad amach ó chósta na hIorua. Tugadh go Marineland iad agus rugadh Wikie, ach níor mhair na tuismitheoirí rófhada. Níor fhoghlaim Wikie na scileanna óna máthair féin a bheadh de dhíth uirthi le bia a fháil agus fanacht sábháilte amuigh san fharraige. Ní bheadh na scileanna seo ag Keijo ach an oiread.
Cránacha dubha amuigh san fharraige, bíonn siad gaolta lena chéile agus foghlaimíonn scileanna óna chéile – ní bheadh na scileanna seo ag Wikie ná Keijo
Thiocfadh le páirc shiamsaíochta mhuirí eile sa Spáinn iad a ghlacadh anois. Bheadh áit chónaithe acu agus bheadh siad cleachta leis na seónna agus leis na daoine. Ach, an cheist atá ann, cén mhaith páirc amháin a dhruidim, agus ansin an saol céanna a bheith ag na cránacha dubha i bpáirc eile?
Níor mhaith le feachtasóirí cearta ainmhithe Wikie agus Keijo a chur chuig páirc mhuirí eile
An dóchas is mó atá ag na feachtasóirí ainmhithe sa Fhrainc, ná go mbeidh siad ábalta na cránacha dubha a chur chuig tearmann speisialta atá á thógáil i mbá in Albain Nua, i gCeanada.
Bá ‘Port Hilford’ in Albain Nua – ba mhaith le daoine tearmann a thógáil san fharraige anseo do chránacha dubha
Tá an carthanas, The Whale Sanctuary Project, ag iarraidh an bhá a dhruidim le sconsa mór. Bheadh bia ag na cránacha dubha agus bheadh tréidlianna ar fáil. Ach an rud is fearr, bheadh siad san fharraige arís agus bheadh i bhfad níos mó spáis acu. Ar an drochuair, ní bheidh an bhá réidh go dtí deireadh 2026. An cheist atá ann, an mbeidh Marineland, agus rialtas na Fraince, in ann fanacht chomh fada sin?
Ba mhaith leo sconsa speisialta a thógáil leis na cránacha dubha a choinneáil istigh agus a choinneáil sábháilte
Le plé
🐬 Cad é a shíleann tusa ba cheart a dhéanamh leis na cránacha dubha?
🐬 Má bhíonn orthu fanacht go dtí deireadh 2026 le dul go dtí Albain Nua, cé ar cheart dóibh an t-airgead a chur ar fáil le cúram a dhéanamh de na cránacha dubha go dtí sin?
🐬 “Ní bhfaighidh an chuid is mó againn an seans choíche cráin dhubh a fheiceáil, má fheicimid ceann acu i bpáirc shiamsaíochta mhuirí, beidh meas agus tuiscint níos fearr againn orthu.”
Cad é do bharúil den ráiteas thuas?
🐬 Má tá sé cruálach cránacha dubha a choinneáil i bpáirceanna siamsaíochta, tá sé cruálach ainmhithe eile a choinneáil i zúnna. An aontaíonn tú leis sin? Cén fáth?
Free Willy, scannán de chuid WarnerBros ó 1993
Baineann an scannán Free Willy, ó 1993, le cráin dhubh a bhí ina chónaí i bpáirc shiamsaíochta. Sa scannán, scaoileadh an chráin dhubh saor ar ais san fharraige.
Keiko – sciobadh ón fharraige san Iorua é nuair nach raibh sé ach 2 bhliain d’aois
Keiko an t-ainm a bhí ar an chráin dhubh ón scannán agus, san fhíorshaol, ligeadh Keiko saor chuig bá, cosúil leis an cheann sa phlean seo, san Iorua in 1998. Rugadh Keiko san fharraige, agus bhí sé ábalta cuid de na scileanna a bhí aige nuair a bhí sé óg a fhoghlaim arís agus ligeadh saor go hiomlán é i ndiaidh 4 bliana.
Keiko ar ais san fharraige san Iorua – bhí sé saor ag deireadh a shaoil ach ba ghnách leis teacht ar ais i gcónaí chuig daoine, nó sin a rud a raibh sé cleachta leis an chuid is mó dá shaol