Gabh a chodladh le teanga a fhoghlaim!

Déardaoin, an 9ú Eanáir 2025

Tá eolaithe i ndiaidh a fháil amach go gcuidíonn an codladh go mór leat agus tú ag foghlaim teangacha. Má fhaigheann tú codladh maith, bíonn sé níos fusa focail, frásaí agus rialacha nua teanga a fhoghlaim agus a stóráil.

Bíonn d’inchinn ag obair le teanga nua a phróiseáil agus tú i do chodladh


Bhí an fhoireann seo d’eolaithe ag obair le grúpa de 35 duine fásta. Bhí Béarla ó dhúchas ag na daoine seo go léir agus bhí siad uilig ag foghlaim teanga darb ainm Mion-Pinyin

Is fíor-rud í Pinyin – is bealach é leis an tSínis a scríobh síos, ag úsáid litreacha Rómhánacha in áit (nó chomh maith le) litreacha Síneacha, le go dtig le daoine nach Sínigh iad na focail a léamh (ach is rud eile ar fad é an mion-Pinyin)


Ní fíortheanga í an mion-pinyin, nó ní labhraíonn duine ar bith í, ach tá fíor-fhocail inti agus tá fíor-rialacha gramadaí aici. Tá sí bunaithe ar an tSínis agus úsáideann eolaithe í go minic agus iad ag fiosrú an dóigh a bhfoghlaimíonn ár n-inchinn teangacha. San iomlán, tá 32 briathar agus 25 ainmfhocal sa mhion-pinyin. Deir na heolaithe go dtig leat 576 abairt dhifriúil a dhéanamh sa teanga seo – mar sin, tá sí foirfe le triail eolaíochta a dhéanamh.


Briathra Ainmfhocail Aidiachtaí
Ainmhí Duine Rud
Tianle (ligh) Xile (nigh) Maomi (cat) Chushi (cócaire) Shubao (mála) Da (mór)
Zhuile (rith i ndiaidh) Leangle (tomhais) Junma (capall) Haidao (foghlaí mara) Xianjiao (banana) Xi (beag)
Nale (iompair i do lámh) Kanle (breathnaigh) Yegou (madadh) Jingcha (póilín) Shuben (leabhar) Ge (daonna)
Chile (ith) Zhaole (grianghraf a thógáil) Tuzi (coinín) Hushi (altra) Pingguo (úll)
Shuale (svaidhpeáil) Shele (scaoil) Laohu (tíogar) Yisheng (dochtúir) Piqiu (liathróid)
Tile (ciceáil) Dale (buail) Houzi (moncaí) Faguan (breitheamh)
Beile (iompair) Kunle (ceangail) Xiong (béar) Feixing (píolóta)

Zhuole (ceap) Laoshu (luchóg mhór) Xiaofang (trodaire tine)
Daxiang (eilifint) Shuishou (mairnéalach)
Shizi (leon) Niuzai (buachaill bó)

Seo thuas cuid de na focail a bhí le foghlaim ag an dá ghrúpa


Scar siad na Béarlóirí ina dhá ngrúpa. D’fhoghlaim grúpa amháin mion-pinyin ar maidin agus d’imigh siad leo. Tháinig siad ar ais an tráthnóna sin agus rinne siad teist chuimhne.

Rinne na daoine teist le go bhfeicfeadh na heolaithe an méid eolais a raibh siad ábalta cuimhneamh air


Bhí rang mion-pinyin ag an ghrúpa eile tráthnóna agus chodail siad sa tsaotharlann eolaíochta thar oíche. Cheangail na heolaithe braiteoirí dá n-inchinn le súil a choinneáil ar a ngníomhaíocht inchinne agus iad ina gcodladh. Rinne an grúpa seo teist chuimhne an chéad mhaidin eile.

Fear agus braiteoirí inchinne ceangailte de (ní raibh an fear seo páirteach sa triail)


Chonaic na heolaithe difear suntasach idir torthaí teiste an dá ghrúpa. Fuair an grúpa a fuair codladh maith roimh an teist scór níos fearr ná an grúpa eile. Síleann na heolaithe go raibh baint idir na patrúin a chonaic siad sna tonnta inchinne agus an fhoghlaim. Bhí an inchinn ag daingniú na bhfocal agus na rialacha nua a d’fhoghlaim na daoine an lá sin agus iad ina gcodladh.

Seo léaráid ó na torthaí staidéir a fuair na heolaithe – tá sé iontach casta, ach dar leo go gcruthaíonn sé go gcuidíonn an codladh linn teanga a fhoghlaim!

Fuarthas an léaráid seo ón tráchtas a rinne an t-eolaí a bhí i mbun na hoibre seo, Zachariah Reuben Cross, ó Ollscoil Dheisceart na hAstráile


Ar an dea-uair, tá ar a laghad dhá theanga agaibhse uilig cheana féin – Gaeilge agus Béarla – ach bíonn sibh ag foghlaim focail nua agus rialacha nua gach uile lá agus sibh ar scoil. Ar a bharr sin, léiríonn obair a rinne eolaithe eile go mbíonn sé níos fusa ag daoine a bhfuil dhá theanga acu cheana an tríú teanga a fhoghlaim. Seans go bhfuil tú ag foghlaim teanga eile cheana féin, nó seans gur mian leat teanga eile a fhoghlaim agus tú ar an mheánscoil – más mian, déan cinnte de go bhfaigheann tú codladh maith gach oíche!

Bíonn sé níos fusa ag daoine a bhfuil dhá theanga acu cheana an tríú teanga a fhoghlaim!


Le plé agus le déanamh

🧠 Cad iad na rudaí a thiocfadh leatsa a dhéanamh le codladh níos fearr a fháil san oíche?

🧠 Cad é an rud is deacra faoi theanga eile a fhoghlaim, dar leat? An aontaíonn do chairde leat?

🧠 Dá dtiocfadh leat teanga ar bith eile ar domhan a fhoghlaim, cén teanga a bheadh ann agus cén fáth ar mhaith leat í a fhoghlaim?

🧠 An dtig leat liosta a dhéanamh de 5 rud nua (focail nó rialacha) atá foghlamtha agat sa Ghaeilge an tseachtain seo. Tabhair an liosta do do mhúinteoir. An lá seo ar an tseachtain seo chugainn, thiocfadh leis an mhúinteoir teist chuimhne a thabhairt don rang!


Cuidigh le d’inchinn – faigh codladh maith gach oíche!


meas