Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá an aimsir iontach fuar an tseachtain seo. Nuair a éiríonn an t-aer iontach fuar, reonn an t-uisce atá san aer. Nuair a tharlaíonn sin, titeann sneachta in áit fearthainne.
Ar thit sneachta ar bith i do cheantar an tseachtain seo? Má bhí sneachta agat, b’fhéidir gur thug tú faoi deara cuid de na calóga sneachta. Bíonn calóga sneachta déanta de phíosaí beaga bídeacha d’oighear. (Athraíonn uisce go dtí oighear nuair a éiríonn sé reoite.)
❄️ Bíonn gach calóg shneachta difriúil. Ní bhíonn dhá cheann ar bith acu mar an gcéanna.
❄️ Bíonn 6 shlios nó 6 rinn ar gach calóg.
❄️ Tá an chuma ar na calóga sneachta go bhfuil siad bán, ach le fírinne, tá siad trédhearcach.
❄️ Ní bhíonn deifir ar na calóga sneachta. Titeann siad go mall agus go fánach.
Má bhíonn stoirm ann agus an aimsir iontach fuar, is féidir go dtitfeadh clocha sneachta. Bíonn clocha sneachta i bhfad níos mó ná na calóga sneachta. Tá clocha sneachta déanta de bhraonta fearthainne a d'éirigh reoite thuas san aer.
Nuair a ardaíonn an teocht beagáinín, thig linn flichshneachta a fháil. Is meascán é sin den fhearthainn agus den sneachta. Tarlaíonn flichshneachta nuair a thosaíonn cuid den sneachta ag leá agus é ag titim anuas ón spéir.
Le plé nó le déanamh
❄️ An maith leat an aimsir fhuar agus an geimhreadh? Cad é is maith leat agus cad é nach maith leat faoin séasúr seo agus faoin chineál aimsire seo? Mar rang, an féidir libh smaoineamh ar 3 bhuntáiste agus 3 mhíbhuntáiste leis an aimsir fhuar?
❄️ Tarraing do chuid calóga sneachta féin. Ná déan dearmad go mbíonn siad uilig difriúil!
❄️ Mínigh na focail seo ón alt i do chuid focal féin, nó cuir i d’abairtí féin iad: calóga sneachta, fuar, oighear, flichshneachta, reonn / reoite, clocha sneachta.
❄️ Foghlaim amhrán faoi na Calóga Sneachta anseo