Lá Rothlaithe an Domhain

Dé Luain, an 6ú Eanáir 2025


Is dócha go bhfuil a fhios agat go bhfuil an Domhan ag rothlú. Rothlaíonn sé thart ar an Ghrian, ar ndóigh, rud a thugann na séasúir dúinn. Ach tá an Domhan féin ag rothlú, uair amháin gach 24 uair an chloig! Tugann sin lá agus oíche dúinn, rud a fheicimid gach lá. Tá éifeacht thábhachtach eile leis, áfach. Má amharcann tú ar léarscáil aimsire, tabharfaidh tú faoi deara go mbíonn stoirmeacha agus fearthainn ag teacht go hÉirinn ón Atlantach. De ghnáth, tagann an ghaoth ón iarthar, is annamh a thagann sí ón oirthear.

Rothlú an Domhain

Tá an Domhan ag rothlú go gasta – thart ar 1,600km san uair – ach ní mhothaímid é mar gheall ar dhomhantarraingt. Is í an domhantarraingt a tharraingíonn liathróid ar ais chuig an Domhan nuair a chaitheann tú san aer í. Stopann an domhantarraingt orainn eitilt amach sa spás! Taobh amuigh de lá agus oíche, cén dóigh a dtiocfadh linn bheith cinnte go bhfuil an Domhan ag rothlú, mar sin?

Luascadán Focault

Sa bhliain 1851, thaispeáin an t-eolaí, Léon Focault, é le luascadán. Cheangail sé liathróid throm de bharr foirgneamh mór i bPáras, an Panthéon, agus chuir sé ag luascadh í. De réir a chéile, d’athraigh an luascadán a threo, rud a léiríonn go bhfuil an Domhan ag rothlú.

 

Go teoiriciúil, ghlacfadh sé thart ar 24 uair an chloig don luascadán le ciorcal iomlán a dhéanamh, dá mbeifeá sa Phol Thuaidh nó sa Phol Theas. De réir mar a bhogann tú i dtreo an mheánchiorcail, éiríonn an t-athrú níos moille go dtí go stopann sé ag an mheánchiorcal féin.

Bogann an luascadán thart de réir a chéile


Ceiliúrann Lá Rothlaithe an Domhain an lá sin in 1851 agus, le blianta fada, úsáideadh an lá leis an choincheap a léiriú do dhaoine. Bhí am ann nuair a shíl daoine go raibh an Domhan cothrom agus nach cruinneog a bhí ann. Nó go raibh an Domhan i lár na cruinne. Thig linn bheith buíoch de Focault as an fhírinne a thaispeáint dúinn!

Léon Faucolt

 

Le déanamh:

Amharc ar Réamhaisnéis na hAimsire ar TG4 nó áit eile thar cúpla lá. Déan nóta den treo a dtagann stoirmeacha nó an fhearthainn. An ón iarthar, de ghnáth, a thagann na rudaí seo?

 

Smaoinigh faoi dhóigheanna a dtiocfadh leat Lá Rothlaithe an Domhain a cheiliúradh. Cad iad na rudaí is féidir leat a dhéanamh le níos mó a fhoghlaim faoi rothlú an Domhain, éadaí a dtiocfadh leat a chaitheamh nó fiú bia speisialta is féidir a dhéanamh?

 

Pictiúir:

Luascadán Focault: Edward Haylan / Shutterstock.com

Gif den Domhan ag rothlú: a455858517 ó Pixabay


meas