Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bliain úr mhaith daoibh, a léitheoirí Nuacht Anois agus tá fáilte mhór romhaibh ar ais! Tá súil againn go raibh saoire dheas shultmhar agaibh uilig le linn na Nollag agus na hAthbhliana.
Tá seans ann gur bhain cuid agaibh anuas na maisiúcháin Nollag sa teach cheana, ach de réir an tsean-nóis, ní chríochnaíonn an Nollaig go hoifigiúil go dtí an lá inniu, an 6ú lá Eanáir.
Lá tábhachtach a bhí ann i dtraidisiúin na tíre seo agus tá go leor ainmneacha ar an lá seo in Éirinn (mar shampla, an Nollaig Bheag, Nollaig na mBan, Lá Chinn an Dá lá Dhéag agus Eipeafáine). Ar chuala tú féin ceann ar bith de na hainmneacha sin riamh?
(Tugtar "Lá na dTrí Rí" nó "Lá na Ríthe" ar an lá seo i dtíortha eile)
Seans maith fosta gurb é seo do chéad lá ar ais ar scoil sa bhliain nua seo, 2025. Is minic ag an am seo bliana go ndéanann daoine dea-rún le rud éigin úr a thriail, nó le scil éigin nua a fhoghlaim, nó, go ndéanann siad plean le sprioc ar leith a chur i gcrích i rith na bliana. An bhfuil dea-rún ar bith ar intinn agatsa don bhliain úr seo?
🎹 B’fhéidir gur mhaith leat rud éigin nua a fhoghlaim? (cosúil le huirlis ceoil, nó na táblaí méadaithe)
🎬 Nó, an bhfuil sé de rún agat cleachtadh breise a dhéanamh ar scil éigin le héirí níos fearr aige? (mar shampla, an iomáint, an iascaireacht, an damhsa, srl.)
🏊♀️ An gcuirfidh tú tús le haclaíocht nua nó le haclaíocht rialta de chineál ar bith an mhí seo? (mar shampla, an snámh, an rith, an rothaíocht, srl.)
Cibé ar bith, má tá cinneadh déanta agat dea-rún úr a thriail i mbliana, ná déan dearmad ar an seanfhocal, “Tús maith, leath na hoibre!” Go n-éirí go geal libh ar fad i 2025!
Le plé nó le déanamh
💭 Cuir ceist ar do thuismitheoirí nó ar do sheantuismitheoirí faoi na nósanna a bhain leis an Nollaig Bheag / Nollaig na mBan nuair a bhí siadsan óg. Faigh amach cé acu ainm ba choitianta ar an lá seo breis agus caoga bliain ó shin i do cheantar féin. (Nó fiosraigh sean-scéalta agus nósanna a bhain leis an Nollaig Bheag / Oíche an Dá Lá Dhéag anseo.)
💭 Má tá dea-rún déanta agat nó ag do chairde, smaoinigh ar phlean le cuidiú lena chéile cloí leis an dea-rún úr sin i rith na bliana.